Céim 2b: Portráidí Bhord na Gaeilge

Cuireadh Céim 2b de Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge i gcrích i mí na Márta 2018 nuair a cuireadh sraith phortráidí Bhord na Gaeilge leis an gcnuasach reatha. Réitíodh na portráidí seo ó 1988 - 1993 ar choimisiún ó Bhord na Gaeilge le cnuasach de bheoscríbhneoirí na linne sin a chur ar fáil.

Tá 32 portráid nua sa bhailiúchán seo ina bhfuil seacht nduine dhéag de scríbhneoirí a maireann i gcónaí agus cúig dhuine dhéag eile atá imithe ar shlí na fírinne. Ar an dóigh sin, cuireann an cnuasach fáil ar phortráidí agus scríbhneoirí úrnua, an dara portráid i gcás scríbhneoirí áirithe (beidh deis rogha idir na portráidí sin a dhéanamh ar an scáileán), agus den chéad uair, cuirtear slám phortráidí de scríbhneoirí nach maireann leis an gcnuasach. Déanfar na hiontrálacha nua a iomlánú leis an eolas tánaisteach a mhaisíonn iontrálacha an chnuasaigh go hiondúil.

Tá áilleacht agus maorgacht sna híomhánna seo i ndubh agus bán gur íomhánna áite iad freisin (Áine Ní Ghlinn thuas) - suímh a léiríonn tréithe breise faoin scríbhneoir féin, agus a gceird. Mar a bhí cheana, feictear scríbhneoirí liteartha agus acadúla ar aon.

Ba é an grianghrafadóir aitheanta Bill Doyle a réitigh na portráidí seo do Bhord na Gaeilge, agus cáil ar chuid acu nuair a bhíodar ar taispeáint in áras Bhord (agus Foras) na Gaeilge mar a bhí, 7 Cearnóg Mhuirfean, i mBaile Átha Cliath.

Gabhann COMHAR, agus foireann Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, buíochas faoi leith dá bpáirtnéirí tionscadail i bhForas na Gaeilge as an mbailiúchán nua seo a éascú don chnuasach reatha, agus as a gcead leas a bhaint as na híomhánna céanna.