Rannpháirtithe tionscadail

Foireann an tionscadail

Eagarthóir: An Dr Liam Mac Amhlaigh

Comhairleoir teicniúil agus deartha: Ronan Doherty

Feidhmeannaigh tionscadail, Céim 2: Clare Coughlan & Jennifer Gorissen

D'oibrigh Ursula Ní Choill agus Elly Shaw & Eibhlín Ó hAodhagáin le Céim 1 agus Céim 2 den togra faoi seach.

Tionscadal comhpháirtíochta é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge idir an foilsitheoir COMHAR agus an t-údarás maoinithe Foras na Gaeilge

COMHAR

Príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge é COMHAR, a fhoilsíonn iris mhíosúil liteartha na Gaeilge, Comhar, iris do léitheoirí iar-bhunscoile, COMHARÓg, iris acadúil phiarmheasta bhliantúil COMHARTaighde, le hinphrionta leabharfhoilsitheoireachta, LeabhairCOMHAR, agus tograí eile foilsitheoireachta idir lámha i saol na Gaeilge. Tá COMHAR buíoch de Fhoras na Gaeilge, de Chlár na Leabhar Gaeilge, den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus den Chomhairle Ealaíon as a dtacaíocht leanúnach sna tograí seo.

Foras na Gaeilge

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanann Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann. Tá an fhreagracht chéanna ann i leith Thuaisceart Éireann, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.