Ráiteas príobháideachais

Is mór ag COMHAR do cheart chun príobháideachais. Déantar príobháideachas úsáideoirí an tsuímh seo a chosaint de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus de réir threoirlínte Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann. Níl COMHAR freagrach as cleachtais phríobháideachais na suíomh gréasáin seachtrach a bhféadfaí rochtain a fháil orthu tríd an úsáid a bhaineann tú as suíomh Portráidí.ie. Moltar duit breathnú ar na beartais ó thaobh príobháideachais agus fianán de atá ag suíomh seachtrach ar bith a dtugann tú cuairt air.

Na cineálacha sonraí a bhailítear

Is féidir an suíomh Portráidí.ie a úsáid gan sonraí inaitheanta pearsanta a sholáthar. Bailítear sonraí úsáide áirithe go huathoibríoch le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Is éard atá i bhfianáin ná comhaid téacs a ndéantar iad a stóráil ar do ríomhaire chun cabhrú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a bhaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Is iad seo a leanas na príomhchineálacha sonraí a bhailítear ó úsáideoirí an tsuímh:

An leas a bhaintear as na sonraí a bhailítear

Baintear leas as na sonraí a bhailítear ar an suíomh seo chun críocha staitistiúla agus ní ceadmhach iad a úsáid chun cuairteoirí ar leith ar an suíomh a aithint mura n-éilítear é de réir dlí. Baintear feidhm as an bhfaisnéis a bhailítear chun taighde agus anailís a dhéanamh ar phróifíl ghinearálta na gcuairteoirí a thagann chuig an suíomh agus ar phatrúin úsáide na gcuairteoirí sin d'fhonn eispéireas úsáideoirí uile an tsuímh a fheabhsú. D'fhéadfaí go bhfoilseofaí torthaí ginearálta an taighde seo ó am go chéile faoi réir na gcoinníollacha príobháideachais a phléitear sa ráiteas seo. Cabhraíonn na staitisticí seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar na réimsí seo a leanas:

Rialaitheoir sonraí

COMHAR

47 Sráid Harrington
Baile Átha Cliath 8
Éire
Teil: +353 (0)1 675 1922

portraidi@comhar.ie

Stóráil agus modh próiseála na sonraí a bhailítear

Déanann an Rialaitheoir Sonraí sonraí a bhaineann le húsáideoirí an tsuímh seo a phróiseáil ar mhodh cuí agus glactar na bearta is dual chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí seo, a nochtadh nó a leasú a chosc.

Sa bhreis ar an Rialaitheoir Sonraí, b’fhéidir, i gcásanna áirithe, go mbeadh teacht ag pearsana a bheadh i mbun gnéithe de riar an tsuímh (riarachán nó cothabháil theicniúil an tsuímh, cuir i gcás) nó ag páirtithe seachtracha (ar nós soláthraithe seirbhísí teicniúla nó soláthraithe óstála) ar na sonraí seo agus iad údaraithe ag an Rialaitheoir Sonraí.

Úsáid Google Analytics

Bailítear sonraí pearsanta (lena n-áirítear do sheoladh IP) ag baint leasa as an tseirbhís Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin arna soláthar ag Google, Inc. ("Google"). Déantar an fhaisnéis a bhailítear a tharchur chuig Google agus a stóráil le Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google úsáid as an eolas seo chun meastóireacht a dhéanamh ar an tslí a n-úsáideann tú an suíomh gréasáin, chun tuarascálacha a thiomsú faoi ghníomhaíocht ar an suíomh gréasáin le haghaidh COMHAR, agus chun seirbhísí eile a sholáthar i ndáil leis an ngníomhaíocht ar an suíomh gréasáin agus ar úsáid idirlín. Féadfaidh Google freisin an t-eolas seo a aistriú chuig tríú páirtithe i gcás go bhfuil sé de cheangal orthu é sin a dhéanamh de réir dlí, nó i gcás go ndéanann an tríú páirtí sin eolas a phróiseáil ar son Google. Ní dhéanfaidh Google iarracht gaol a aithint idir do sheoladh IP agus aon sonraí eile atá i seilbh Google. Is féidir leat diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe iomchuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara i gcás go ndéanfaidh tú seo go bhfuil seans ann nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as feidhmiúlacht an tsuímh gréasáin seo. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus cead a thabhairt le go bhfanfadh na fianáin cumasaithe, toilíonn tú go ndéanfadh Google sonraí fút a phróiseáil sa chaoi agus chun na gcríoch atá sonraithe thuas.

Cearta na nÚsáideoirí

Tá sé de cheart ag úsáideoirí, ag am ar bith, a fhios a bheith acu más amhlaidh go ndearnadh stóráil ar shonraí pearsanta dá gcuid agus is féidir leo dul i gcomhairle leis an Rialaitheoir Sonraí chun eolas a bheith acu i dtaobh ábhar agus fhoinse na sonraí seo. Ba chóir iarratais a sheoladh chuig an Rialaitheoir Sonraí ag na sonraí teagmhála cuí thuas.

Dáta nuashonraithe an ráitis seo: 12 Meitheamh 2016