Cén fáth na scríbhneoirí seo?

Tá breis agus céad scríbhneoir sa chnuasach reatha agus tá socrú ann cur leis an méid sin go bliantúil thar tamall de bhlianta.

Deirtear go bhfuil thart ar 500 duine gur scríbhneoirí Ghaeilge iad. Tá breis agus 250 scríbhneoir ar mhórliosta fhoireann na bPortráidí. Agus le hochtar á gcur leis an gcnuasach seo go bliantúil, beidh tamall áirithe ann go dtí go mbainfear gach duine amach. Nuair a fhógraítear an liosta bliantúil. seasann na scríbhneoirí seo ina n-eiseamláirí don réimse iomlán - idir na seánraí éagsúla, chúinsí tíreolaíochta, inscne, aois etc.

Iarrfaimid ar scríbhneoirí eile a bheith foighneach, agus go háirithe gan stocaireacht ar bith a dhéanamh.