Saoráidí brabhsála agus cuardaigh

Tá na saoráidí brabhsála agus cuardaigh seo a leanas ar fáil ar shuíomh Portráidí.ie:

Brabhsáil de réir Scríbhneoirí

Tá nasc chuig an rannóg seo le fáil i gceanntásc agus i mbuntásc (barr agus bun) gach leathanaigh ar an suíomh. Déantar scríbhneoirí a liostáil in ord aibítreach sa rannóg seo de réir a gcéadainmneacha. Is féidir cliceáil ar litir ar bith A–Z anseo chun liosta de na daoine a bhfuil céadainm dar tús an litir sin orthu a fheiceáil. Is féidir an rogha GACH a dhéanamh freisin chun na portráidí ar fad a fheiceáil ar aon leathanach amháin. Déantar cliceáil ar ainm nó ar ghrianghraf an scríbhneora chun portráid an duine sin a oscailt.

Anuas ar na háiseanna thuas, is féidir liosta na scríbhneoirí a scagadh de réir critéar áirithe. Tá na critéir seo ar fáil ar thaobh na láimhe deise den scáileán agus brúitear ar ainm an chritéir chun an liosta cuí a tharraingt anuas. Is iad na critéir scagtha atá fáil ná:

Cuardach lántéacs

Tá bosca cuardaigh ar fáil ag barr gach leathanaigh ar an suíomh seo, áit a bhfeictear an lipéad 'Cuardaigh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge'. Is féidir focail nó frásaí a scríobh isteach sa bhosca seo agus iad a chuardach ach an cnaipe cuardaigh (an deilbhín den ghloine formhéadúcháin atá ar thaobh na láimhe deise den bhosca cuardaigh) a bhrú nó an cnaipe IONTRÁIL (ENTER/RETURN) a bhrú ar do mhéarchlár nó ar do ghléas scáileán tadhaill. Déantar iarracht na téarmaí cuardaigh a aimsiú i measc céadainmneacha, sloinnte agus ainmneacha cleite na scríbhneoirí; téacs na mbeathaisnéisí idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus; téacs na sleachta ó shaothair na n-údar. Taispeántar leathanach nua le torthaí an chuardaigh ansin.

Próiseáil cuardach

Gné shuntasach de chóras cuardaigh Portráidí.ie is ea an láimhseáil a dhéantar ar théarmaí cuardaigh ó thaobh na teanga de d'fhonn an t-eispéireas cuardaigh a fheabhsú do na húsáideoirí. Ar na beartais atá i bhfeidhm:

Acmhainní foinse-oscailte a mbaintear leas astu

Leis na hardfheimiúlachtaí próiseála teanga seo a chur ar fáil, baineann córas cuardaigh Portráidí.ie leas as na tacair sonraí foinse-oscailte seo a leanas:

Tá COMHAR fíorbhuíoch de na páirtithe thuasluaite as ucht na sonraí seo a scaipeadh go poiblí.