Bronnadh ar Uachtarán na hÉireann

Ar Mháirt 6 Meán Fómhair 2016, ar chuireadh ó Áras an Uachtaráin, bronnadh eagrán comórtha de Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann, a Shoilse Mícheál D. Ó hUiginn.

An toscaireacht ó COMHAR Teo. agus Foras na Gaeilge

Mar chuid den chuairt ar an Áras, d'fhreastail foireann an tionscadail (Eagarthóir: An Dr Liam Mac Amhlaigh, Ollscoil Mhá Nuad; Dearthóir agus comhairleoir teicniúil: Ronan Doherty, OMN freisin; Bainisteoir tionscadail [Céim 1]: Ursula Ní Choill), Cathaoirleach Bhord Stiúrtha COMHAR, Cathal Goan, Feidhmeannach Riaracháin agus Gnó, COMHAR Teo., Elly Shaw chomh maith le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, agus Clárbhainisteoir ÁIS, Breandán Mac Craith, ar fháiltiú leis an Uachtarán.

Bosca lámhdhéanta

Le haitheantas faoi leith a thabhairt don chóip speisialta seo, dearadh bosca lámhdhéanta ag Gearóid Ó Conchubhair (le míreanna ó Ronan Doherty, Studio 13, agus Anglo Print) a bhfuil inscríbhinn clóite a luann an ócáid istigh ann.

Ba é Vivian Ó Mathúna, baintreach fir an ghrianghrafadóra Máire Uí Mhaicín, a bhronn an t-eagrán comórtha seo ar an Uachtarán.

Vivian Ó Mathúna presents Portraits of Irish-Language Writers to the President of Ireland