An leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Clúdach an leabhair Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Leabhar eisceachtúil é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail.

Sa chnuasach álainn lán-daite seo, foilsítear portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, ar tógadh a bportráidí idir 2009–2013, ag Máire Uí Mhaicín d’Fhoras na Gaeilge. Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoírí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile. Cuirtear beathaisnéis go tánaisteach leo ach le béim faoi leith ar an bportráidíocht ealaíonta iontu a léiríonn daonnacht na scríbhneoirí céanna. Cuirtear réamhrá agus sleachta cuimhní cinn leis an leabhar freisin. Foilseachán stairiúil i mbliain stairiúil a atá ann; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha atá curtha ar fáil ag na scríbhneoirí seo don teanga, agus is cúis áthais do COMHAR gur scríbhneoirí iad ar foilsíodh ábhar lena bhfórmhór acu ar leathanaigh na hirise míosúla Comhar thar na blianta

Is féidir an leabhar seo a ordú ar €40 ó shuíomh LeabhairCOMHARportraidi@comhar.ie.

Séamus Mac Annaidh Celia de Fréine Iarfhocal Lillis Ó Laoire