Nóta an eagarthóra

Tá sé de phribhléid agamsa, agus ag COMHAR mar fhoilsitheoir, an láithreán gréasáin spleodrach seo, www.portraidi.ie, agus an leabhar maisiúil gaolmhar, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, a chur os comhair an phobail. Scríobh beagnach chuile scríbhneoir a bhfuil a p(h)ortráid ar an láthair gréasáin seo ábhar ar leathanaigh na hirise míosúla Comhar thar na blianta, munar scríobh siad go léir. Céim nádúrtha í mar sin, sílim, gur féidir le COMHAR an togra seo a thabhairt chun cinn. Ní saothar cuimsitheach atá anseo, ar ndóigh, ach tús na hoibre. Anuas ar phortráid agus ar bheathaisnéis de 107 de na beoscríbhneoirí a shaothraigh i nGaeilge faoi 2013 i gCéim 1 den togra, agus ábhar sa bhreis ar an láithreán gréasáin seo, cuirfear baisceanna eile phortráidí leis seo go bliantúil i gCéim 2. Is chun treise na litríochta an tionscadal leanúnach comhpháirtíochta atá bunaithe idir Foras na Gaeilge agus COMHAR leis na spriocanna seo a bhaint amach. Tá caoga agus a sé scríbhneoir eile nua anois sa chartlann, agus leis an bhfochnuasach de phortráidí Bhord na Gaeilge ó 1980í curtha isteach sa chartlann againn freisin, tógtar chomh fada le 182 scríbhneoir muid, le fáil ar an dara portráid i rogha áirithe iontrálacha.

Ár mbuíochas do na scríbhneoirí (atá mar chuid den suíomh) agus a gcomhoibriú ón tús, do Bhord Stiúrtha COMHAR as a gcúram leanúnach san obair seo, d'Fhoras na Gaeilge as a tacaíocht agus a muinín fadtéarmach i spriocanna an tionscadail, agus dóibh siúd a shaothraigh go díograiseach ar an togra i mo theannta: Ursula Ní Choill (an bainisteoir tionscadail ar chéim 1), Elly Shaw & Eibhlín Ó hAodhagáin (iarfheidhmeannach tionscadail i gCéim 2) agus Ronan Doherty (an comhairleoir deartha agus teicniúil, agus grianghrafadóir i gCéim 2), Jennifer Gorissen & Clare Coughlan (feidhmeannaigh tionscadail reatha ar chéim 2) agus tá an-chuid dá gcumas agus dá mbreithiúnas pearsanta le sonrú tríd an saothar seo ar fad. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár ngrianghrafadóirí eile: Lára Ní Mhaoláin, Máirín Seoighe, Moira Sweeney, Seán Ó Mainnín agus Caoimhín Ó Peatáin as a n-obair álainn; agus freisin le teaghlach Mháire Uí Mhaicín, a chéadshaothraigh na portráidí seo: Vivian Ó Mathúna agus Caoimhe, Róisín agus Áine; le Anna Davitt, Deirdre Davitt, David Davison, Charles Dillon, Roddy Hegarty, Ted Kelly, Patricia Kirwan, Cailean Maclean, Caoimhe Máirtín, Liam Mac Cóil, Breandán Mac Craith, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Nic Eoin, Niamh Ní Chonchubhair, Philip Nolan, Fidelma Ní Ghallchobhair, Mícheál Ó Conghaile, Paul O'Connor, Cathal Poirtéir, agus Pádraigín Riggs.

Foilseachán tábhachtach agus tionscadal náisiúnta uile-oileánda is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge; ceiliúradh stairiúil ar an oidhreacht liteartha atá curtha ar fáil ag na scríbhneoirí seo don teanga agus ar ealaín na hamharcíomhá a bhronn Máire Uí Mhaicín, Bill Doyle agus a gcomharbaí, orainn mar phobal léitheoireachta.

An Dr Liam Mac Amhlaigh, Eagarthóir

Ollscoil Mhá Nuad