Cúlra an tionscadail 2: na hagallaimh

Ar an 14 Meitheamh 2016 cuireadh agallamh ar phearsana éagsúla a bhí bainteach le tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge d'fhonn scéal an tionscadail ó thús deireadh a chur ar an taifead. Is féidir breathnú ar fhíseán seolta an tionscadail, nó éisteacht le taifeadtaí na n‑agallamh a rinneadh, thíos.

Fuaim: Paul O'Connor

Ceamara agus eagarthóireacht: Ronan Doherty

Buíochas le: Maurice Earls, Books Upstairs; Honorary Faul, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann; Anna Davitt, Foras na Gaeilge

Físeán seolta

Agallaimh

Liam Mac Amhlaigh

Seinn
00:00 / 00:00

An Dr Liam Mac Amhlaigh, Eagarthóir Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, á chur faoi agallamh ag Ursula Ní Choill i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tugann Liam Mac Amhlaigh forléargas ar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus déanann cur síos ar na gnéithe éagsúla atá, agus a bheidh, i gceist leis an tionscadal.

Alan Titley

Seinn
00:00 / 00:00

Alan Titley, scríbhneoir agus Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge, á chur faoi agallamh ag Ursula Ní Choill in Books Upstairs, Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath.

Labhraíonn Alan Titley faoin léiriú a dhéanann an tionscadal ar lucht pinn na Gaeilge agus tugann sé léargas dúinn ar mhodh oibre Mháire Uí Mhaicín agus í i mbun portráidíochta.

Deirdre Davitt

Seinn
00:00 / 00:00

Deirdre Davitt, Coimisiúnóir, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, á cur faoi agallamh ag Liam Mac Amhlaigh in oifigí Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

Déanann Deirdre Davitt plé ar thionscnamh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus mar a roghnaíodh Máire Uí Mhaicín chun tabhairt faoin saothar.

Ursula Ní Choill

Seinn
00:00 / 00:00

Ursula Ní Choill, Bainisteoir Tionscadail, Céim 1, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, á cur faoi agallamh ag Liam Mac Amhlaigh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tugann Ursula Ní Choill cuntas ar chúlra COMHAR Teoranta, ar chéimeanna na hoibre, agus ar na rannpháirtithe, agus déanann plé ar ealaín na portráidíochta.

Ferdie Mac an Fhailigh

Seinn
00:00 / 00:00

Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge, á chur faoi agallamh ag Liam Mac Amhlaigh in oifigí an Fhorais, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

Déanann Ferdie Mac an Fhailigh cur síos ar ról an Fhorais i dtionscadal na bPortráidí agus labhraíonn sé ar chur chuige an Fhorais i dtaca le cothú na scríbhneoireachta.