Cúlra an tionscadail 1: Máire

Sa bhliain 2009, nuair a d’éirigh Máire Uí Mhaicín as an obair, chuaigh sí i dtreo na grianghrafadóireachta mar chaitheamh aimsire ach ba dheacair i gcónaí riamh i gcás Mháire idirdhealú a dhéanamh idir obair na gairme agus caitheamh aimsire. Thosaigh Máire amach an uair sin, in éineacht le Foras na Gaeilge, le coincheap an tionscadail seo chun bunachar fónta portráidí de bheoscríbhneoirí na Gaeilge a thiomsú. Is ar éigean a d'fhéadfaí smaoineamh ar dhuine níos oiriúnaí ná Máire le tabhairt faoin tionscadal: duine a thuig ealaín na grianghrafadóireachta is domhan an scríbhneora, agus a raibh cur amach aici ar gach gné de litríocht na Gaeilge. Thug sí faoin tionscadal le fonn agus tá toradh ealaíonta na hoibre sin le feiceáil ar gach leathanach den saothar gleoite seo, www.portraidi.ie, agus an tionscadal gaolmhar, an leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Máire Uí Mhaicín

Bhíodh spéis ag Máire le fada sa ghrianghrafadóireacht. Ghlacadh Máire grianghraif dá cairde nuair a théadh sí chun béile leo. Tar éis di a bheith ag béile dá leithéid, tugadh cuireadh di tamall machnaimh a thógáil féachaint ar mhaith léi tabhairt faoi phortráidí d'údair, d'fhilí agus lucht léinn comhaimseartha na Gaeilge a chur ar fáil i gcomhar le Foras na Gaeilge. Is ó Dheirdre Davitt a tháinig bunsmaoineamh teacht i dtír ar thallann nuafhorbartha Mháire chun togra gairmiúil sainiúil ar leith a dhéanamh as, mar atá, sraith portráidí a dhéanamh de scríbhneoirí beo na Gaeilge, a d’fheidhmeodh mar bhuantaifead tábhachtach ar bhíogúlacht, ar sholúbthacht agus ar chruthaitheacht na teanga i mblianta tosaigh an dara mílaois, mar a deir an tOllamh Mícheál Mac Craith ina réamhrá leis an leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Ghlac sí leis an gcuireadh agus le cabhair óna cairde in Éirinn agus thar lear, d'éirigh léi teagmháil a dhéanamh le daoine ar an idirlíon agus ar an bhfón agus seoltaí na n-údar a fháil. Rinne sí réamhobair fhiúntach chun cead a fháil go pearsanta ó na filí agus na húdair éagsúla, ag fiafraí díobh an mbeidís toilteanach a bheith páirteach sa tionscadal sin a raibh sí ag tabhairt faoi. Níor éirigh léi portráid a ghlacadh de gach duine a bhí tiomsaithe ar a liosta aici mar go bhfuair an tinneas millteach, lena raibh sí ag sracadh le blianta fada, an lámh in uachtar uirthi tar éis di taisteal go dtí Caisleán an Bharraigh chun portráid amháin eile a ghlacadh. Ní mór aitheantas a thabhairt dá cara dílis, ar grianghrafadóir cáiliúil ón nGinéiv í, Marisa Livet. Sheoladh Máire na portráidí a bhíodh tógtha aici chuig Marisa go rialta agus thugadh Marisa idir mholtaí agus treoir do Mháire faoi conas leasuithe éagsúla a chur i bhfeidhm ar na portráidí, dá mba ghá sin.

Chaith Máire uaireanta an chloig i dteannta na scríbhneoirí, duine ar dhuine, chun a chinntiú go raibh sí in ann eisint an duine a léiriú ina p(h)ortráid. I measc an iomláin, tá 107 scríbhneoir san áireamh ar an suíomh seo ó chéim 1 den togra, mar atá filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, drámadóirí, beathaisnéisithe, lucht critice, lucht taighde agus scríbhneoirí do pháistí, agus nóta beathaisnéise ag gabháil le gach ceann díobh chomh maith le heolas agus ábhar liteartha eile.