Inrochtaineacht

Rinneadh gach iarracht chun an suíomh seo a dhearadh agus a thógáil le go mbeadh gach duine in ann leas iomlán a bhaint as, beag beann ar chumas. Tógadh an suíomh de réir chaighdeáin WCAG 2.0 AAA, caighdeáin idirnáisiúnta inrochtaineachta a d'eisigh an World Wide Web Consortium (W3C).

Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha a úsáid leis an eispéireas is fearr agus is féidir a bhaint amach ar an suíomh seo.

Más dóigh leat nach bhfuil cuid áirithe den suíomh iomlán inrochtana nó go bhféadfaí gné éigin d'eispéireas an úsáideora a fheabhsú, bheimis buíoch díot ach é seo a chur ar ár súile dúinn trí ríomhphost a sheoladh chuig portraidi@comhar.ie.

Léitheoir scáileáin i nGaeilge

Meabhraítear duit gur féidir leas a bhaint as léitheoir scáileáin a bhfuil glór sintéiseach i nGaeilge ar fáil dó agus an suíomh seo in úsáid agat. Is í foireann abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a d'fhorbair an glór i nGaeilge. Breiseán é seo a chuirtear leis an léitheoir scáileáin NVDA. Tá gach eolas ar fáil anseo.