25 Iúil 2017
Tá cuid mhaith ag tarlú faoi láthair i dtionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge/portraidi.ie. Tá breis feidhmiúlachtaí á cur leis an láithreán gréasáin go luath anuas ar an réiteach deireanach ar phortráidí Ghrúpa 1 (2017) de Chéim 2 den tionscadal.
25 Iúil 2017
Áis nua anois cruthaithe le breathnú go díreach ar iontrálacha portráide na scríbhneoirí a roghnaigh taifeadadh fuaime a chur lena n-iontráil. Tá caoga comhad fuaime anois ann agus breis á gcur ar an suíomh de réir a chéile.
14 Nollaig 2016
Beidh sé i gceist sraith d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí a chur leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an chéad liosta nua, liosta 2017, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt.
Cnuasach beo portráidí de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge atá in Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, bunaithe ar shaothar ceannródaíoch Mháire Uí Mhaicín. Tá 107 scríbhneoir sa chartlann reatha agus beifear ag cur leis seo de réir a chéile. Tuilleadh eolais »