Derry O'Sullivan

Derry O'Sullivan

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 7 Bealtaine 2019

Suíomh: Páras, an Fhrainc

Seánraí: File

File atá ina chónaí i bPáras na Fraince is ea Derry O’Sullivan. Tá ceithre bhailiúchán foilsithe aige: Cá bhfuil do Iúdás? (1987), bailiúchán a ghnóthaigh ceithre dhuais Oireachtais agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Ríordáin; Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (1994); An Lá go dTáinig Siad (2005), dán fada faoi shealbhú Naitsíoch Pháras; An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009).

Aistríodh dánta leis go Béarla agus go Fraincis, agus cuid acu ar fáil i Leabharlann Ollscoil Harvard. Tá aistriúchán Béarla le fáil in The King’s English (1987). I bhFraincis a scríobh sé na dánta a foilsíodh mar En Mal de Fleurs (1988). Ba é O’Sullivan ba thúisce a d’aistrigh 'An Chailleach Béara' go Fraincis, in éineacht le Jean-Yves Bériou and Martine Joulia. Foilsíodh é in eagrán dátheangach Gaeilge/Fraincis a cuireadh i cló de láimh.

Mhúin sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus sa Institut Supérieur d’Electronique de Paris. Scrúdaitheoir sinsearach de chuid an Baccalauréat Idirnáisiúnta is ea é. Tá lámh aige ina lán tionscadal agus chuidigh sé leis an Festival Franco-Anglais de Poésie a bhunú.

Chuaigh sé i gcomhar lena lán ealaíontóirí. Tá ealaín Reginald Gray le feiceáil ar chlúdaigh trí cinn dá chuid bailiúchán. I 2010 chuir Kate Van Houten 'Ceamara/Camera' (dán Gaeilge/Béarla ar fhreagra é ar dhán le Jean-Max Albert, 'La camera sans film'), i gcló de láimh i bPáras mar eagrán teoranta. I 2012 d’fhoilsigh Ateliers Bo Halbirk 'Saorganach/En affranchi à faux', dán Fraincis/Gaeilge a mhaisigh Valery Vahey, mar bhosca lámhchlóite teoranta.

Derry O’Sullivan is a poet living in Paris. His poetry collections are: Cá bhfuil do Iúdás? (1987); Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (1994); An Lá go dTáinig Siad (2005), and An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009).

His work appears in English translation in The King’s English (1987). En Mal de Fleurs (1988) is a suite of poems written directly in French. An English translation by Kaarina Hollo of O’Sullivan’s poem 'Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó' ('Stillborn 1943: Calling Limbo') won the 2012 Times Stephen Spender Prize for poetry translation. O’Sullivan made the first direct translation of the 10th-Century Irish poem 'Cailleach Béara' into French, in collaboration with Jean-Yves Bériou and Martine Joulia.

O’Sullivan has taught English at the Sorbonne, the Institut Catholique de Paris and the Institut Supérieur d’Electronique de Paris. He is a senior examiner for the International Baccalaureate. He co-founded the Festival Franco-Anglais de Poésie.

O’Sullivan’s poem 'Blip' was incorporated into the fabric of the Gaelscoil in Bantry, Co. Cork, 2014, in collaboration with artists Cleary & Connolly. Other collaborations with visual artists include 'Ceamara/Camera', a reply to Jean-Max Albert’s 'La camera sans film', in a hand-printed, limited-edition art book by Kate Van Houten (2010) and 'Saorganach/En affranchi à faux', illustrated by Valerie Vahey in a hand-printed, limited-edition boxed set, Poésie et Gravure (2012). PayneShurvell gallery commissioned O’Sullivan to write an interpretation of Rudolf Reiber’s Suspiria (2012) for Reiber’s first solo exhibition in London. He has also collaborated (in Latin) with Mexican artist Guillermo Arizta.

Dáta breithe: 1944

Áit bhreithe: Beanntraí, Co. Chorcaí

Scaip an phortráid seo:

“Buick” mo Mháthar

Lá a tórraimh ar an gcnoc,
Thiomáineas mo mhaimí suas
Bealach láir an tséipéil:
Síneadh ina gúna giúise í
Ar thralaí na cónra
Le hais umar an bhaiste
Mar ar thug sí ar a baclainn mé
Lá séanta Fhear na gCrúb
Fadó i rith an chogaidh.
Ghluaiseamar romhainn beirt,
Mo mhaimí-phaisinéara is a tiománaí mic,
Gan de sprioc ag ceann cúrsa
Ach Pictiúr na Páise
Os cionn na haltórach
Ar lasadh le coinnle is le bláthanna
Mar ar thiomáin m’athair í
Ina gúna à la Garbo lá a pósta;
Bhí orthu an rothar a dhíol
Go gcumhdófaí deireadh seachtaine na meala
In óstán i gCorcaigh –
Ní raibh ach ocht mbliana déag aici
Is gan mórán ag m’athair uirthi.
Nár ghabh a Daidí is a Maimí an bealach láir céanna,
Is Daidí is Maimí mo Dhaidí amhlaidh!
Ghabhtaí le sinsir bealach na Súilleabhánach
I dtreo pháis-phictiúr ár mBaile,
Ba ormsa anois a thit crann Charáin
Mairnéalach méala na marbh
Is feic marfach na faoide orm.
Thiomáineas a cóiste ciúin romham
Go bun na croise daite
Mar a luífeadh dá hAifreann deiridh
Sínte le Críost
Ar leaba chrainn.

Ag bun chnoc an tséipéil
D’fhan cóiste Buick an adhlacóra uirthi
Le go ngluaisfeadh sí go galánta
Siar riamh go dtí leaba a céile
Sa Mhainistir a chreimeann an taoide
Mar a gcasann Sruth Mhurascaill Mheicsiceo
Ag borradh le beatha na bóchna
Timpeall ar dhún Oileán Faoide,
Áit bhreithe na mBúrcach mairnéalach,
Sinsir mo mháthar críonna,
Bean snáthaide uama,
A sheas liom ag umar an bhaiste.

As Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univérs? (Coiscéim, 1994).

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00