Ríona Nic Congáil

Ríona Nic Congáil

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 1 Feabhra 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).

Ríona Nic Congáil was born in Galway. She wrote her first children’s book, An Túr Solais (Coiscéim, 2004), when she was in her first year at university. She proceeded to write two other children’s books: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) and Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). From 2007 to 2012, she ran the Irish Language Young Writers’ Association, so as to create a support network for emerging Irish-language writers. She has edited two special editions of Comhar dedicated to the work of new writers: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (October 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (September 2010). She received her Ph. D. in Modern Irish from University College Dublin in 2009. Among her academic publications are Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (ed.) (2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (ed.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (co-ed.) (2013), and Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (co-ed.) (2015).

Áit bhreithe: Gaillimh

Scaip an phortráid seo:

Nuair a chuaigh Ciara amach chun an lá a chaitheamh leis an madra bán, chonaic sí fir le ceamaraí agus tuairisceoirí lena leabhair nótaí agus gutháin agus iad uilig bailithe taobh amuigh de theach Bhean Uí Bhriain. Choinnigh sí súil ar thuairisceoir a bhí ag cleachtadh os comhair ceamara TG4.

“Tá saol an mhadra bháin thart,” a dúirt sé, ar bhealach an-dáiríre.

Tháinig uafás ar Chiara. Níor thuig sí cén chaoi ar tharla sé seo. Ar bhuail carr é? Ar ionsaigh ceann de na madraí eile é? Agus cén chaoi a raibh an madra bán chomh cáiliúil sin gan fhios di? Chas sí thart agus rith sí abhaile go sciobtha.

“Tá saol an mhadra bháin thart!” a scread sí nuair a shroich sí doras na cistine.

“Ní gá duit é sin a mhíniú domsa,” arsa a Daid, a bhí ina shuí lena chloigeann cromtha.

Ríona Nic Congáil, sliocht as Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011)