Rody Gorman

Rody Gorman

Grianghrafadóir: Cailean Maclean

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 18 Lúnasa 2023

Suíomh: Eilean Iarmain, an tEilean Sgitheanach

Rugadh Rody Gorman i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1960. Feidhmíonn sé mar léachtóir i scríbhneoireacht chruthaitheach, mar eagarthóir ar an iris bhliantúil sa dá Ghaeilge An Guth agus mar aistritheoir, ar fhilíocht go háirithe, saothar le Cavafy, Yeats, Neruda, Milosz, Rósewicz, Popa, Holub, Aspenstrom, Snyder agus filí nach iad san áireamh. Tá filíocht leis féin foilsithe aige i mBéarla, i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban lena n-áirítear na cnuasaigh Fax (Polygon, 1996), Flora From Lusitania (Lapwing, 2005) agus Zonda? Khamsin? Sharaav? Camanchaca? (Leabhraichean Beaga, 2006). D’fhoilsigh Coiscéim rogha dánta leis, Chernilo, in 2006 agus is é an cnuasach is deireanaí uaidh Cuala, Dothra (Coiscéim, 2021). Tá tréimhsí cónaitheachta ag feidhmiú mar scríbhneoir tugtha aige ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Manitoba, Art Point Gumno in Sloestica na Macadóine, PROGR in Bern na hEilvéise, KIBLA in Maribor na Slóivéine agus ag Sabhal Mòr Ostaig ar an Oileán Sciathánach, Albain, mar a bhfuil cónaí air le fada. Tá sé ag obair faoi láthair ar shraitheanna a bhaineann le Suibhne Geilt, Covid-19, Gaoth Dobhair is Sléibhte an Oileáin Sciathánaigh, leagan den dán Birlinn Chlann Raghnaill, agus mar eagarthóir ar dhuanaire d’fhilíocht Ghàidhlig na linne seo.

Cnuasaigh foilsithe:

Fax and Other Poems (Polygon, 1996)

Cùis-Ghaoil (Diehard, 1999)

Bealach Garbh (Coiscéim, 1999)

On the Underground (Polygon, 2000)

Naomhóga na Laoi (Coiscéim, 2003)

Tóithín ag Tláithínteacht (Lapwing, 2004)

An Duilleog agus An Crotal (Coiscéim, 2004)

Flora from Lusitania (Lapwing, 2005)

Zonda Khamsin Sharaav Camanchaca? (Leabhraichean Beaga, 2006)

Chernilo (Coiscéim, 2006)

Eadar Fiaradh is Balbh na h-Oidhche (Diehard, 2007)

Céilí san Oíche (Coiscéim, 2009)

Beartan Briste/burstbroken judgementshroudloomdeeds (Cape Breton University Press, 2011)

Ceangailte (Coiscéim, 2011)

Trìtheamhan (Diehard, 2017)

Cuala, Dothra, (Coiscéim, 2021)

Rody Gorman was born in Dublin in 1960. He lectures in creative writing and edits the annual bilingual anthology An Guth. He also works as an official and literary translator, with versions to his name of work by Cavafy, Yeats, Neruda, Milosz, Rósewicz, Popa, Holub, Aspenstrom and Snyder amongst others translated into Gaelic. He has published collections of poetry of his own in English, Irish and Scottish Gaelic including Fax (Polygon, 1996), Flora From Lusitania (Lapwing, 2005) and Zonda? Khamsin? Sharaav? Camanchaca? (Leabhraichean Beaga, 2006). His selected poems, Chernilo, were published in 2006 (Coiscéim) and his most recent collections are Trìtheamhan (Diehard, 2017) and Cuala, Dothra (Coiscéim, 2021). He has been awarded writing fellowships and residencies at: Art Point Gumno (North Macedonia, 2007); KIBLA (Slovenia, 2019); Sabhal Mòr Ostaig (Scotland, 1998, 2009); PROGR (Switzerland, 2009); University College Cork (2002) and the University of Manitoba (2008). He has received awards/bursaries from: An Chomhairle Ealaíon (2012, 2017, 2020); Arts Council of Northern Ireland (2014); Creative Scotland/ Scottish Arts Council (1995, 1998, 2003, 2007, 2013, 2016); Gaelic Books Council (2011, 2016, 2019); Patrick and Katherine Kavanagh Fellowship (2014); Royal Literary Fund (2012, 2016) and Society of Authors (2002).

He is currently working on sequences relating to the Frenzy of Sweeney, Covid-19, Gweedore and Sleat, a version of the poem the Galley of Clanranald, and as editor of an anthology of contemporary Scottish Gaelic poetry.

Published collections:

Fax and Other Poems (Polygon, 1996)

Cùis-Ghaoil (Diehard, 1999)

Bealach Garbh (Coiscéim, 1999)

On the Underground (Polygon, 2000)

Naomhóga na Laoi (Coiscéim, 2003)

Tóithín ag Tláithínteacht (Lapwing, 2004)

An Duilleog agus An Crotal (Coiscéim, 2004)

Flora from Lusitania (Lapwing, 2005)

Zonda Khamsin Sharaav Camanchaca? (Leabhraichean Beaga, 2006)

Chernilo (Coiscéim, 2006)

Eadar Fiaradh is Balbh na h-Oidhche (Diehard, 2007)

Céilí san Oíche (Coiscéim, 2009)

Beartan Briste/burstbroken judgementshroudloomdeeds (Cape Breton University Press, 2011)

Ceangailte (Coiscéim, 2011)

Trìtheamhan (Diehard, 2017)

Cuala, Dothra, (Coiscéim, 2021)

Dáta breithe: 1960

Scaip an phortráid seo:
fad m’amhairc ó Cheann Bré
ní hionann díreach agus inné,
Muir Mheann ina báinté




gabhann an LUAS thar bráid,
titeann duilleoigín gan fuaim dá laghad,
totsu! anuas ar an tsráid



thall uaim, nach bhfuil sin díreach álainn:
í féin agus ar a cúl dís Ó Cualann,
Dioghais agus Málainn



ag lá ag dul chun moille
ach fós - de ghathanna gréine
os cionn Bharr na Coille



féach! grágán, feidín agus lorg plochóige
gan díon agus ina lár préachán ar faire
leis an lá bán ar bhruach na Clochóige



ar ais go Rinn na Mara
mar a ngabhamaid i mbun snámha,
nach cuimhin leat, a chara?



fear le cois an chuain
ar Dhumhach Thrá ag baint na ngruán
leis an láchan Dé Luain



á! cumhrán úr úd an mhogóra
fós ag fás go fás fiú faoi thús na Samhna
ar thaobh Bhóthar na gCoillte Móra




ar Mhuirfin, an solas buan
ag teacht anall ó Dhún Chriomhthainn
ar an taobh thall den chuan



ag teacht go tiubh tréan téirimeach teann,
daoine ag siúl agus capaill Mhanannáin
anall ón Muir Mheann



ar thrá Dhumhach Thrá, bróg,
ag siúl dom ar maidin Lá Nollag
mar a shiúlamar amach tráth go hóg




gan ann ach mé féin sa bhféinín
a ghlac mé féin an lá sin
ar thrá Chill Iníon Léinín

Cuala, Dothra, Tríríní (Coiscéim, 2021), lgh 2-5.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00