Scríbhneoirí 2024: ochtú grúpa Chéim 2

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Cuirtear sraith d'ocht bportráid nua/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an t-ochtú liosta nua, liosta 2024, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt. Is iad siúd:

Réiteofar portráidí den ochtar scríbhneoirí seo, móide eolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile sa chéad sé mhí de 2024 le poibliú faoi mhí na Samhna an bhliain seo chugainn, nuair a sheolfar an t-ábhar. Tá COMHAR agus Foras na Gaeilge thar a bheith buíoch de na scríbhneoirí agus na grianghrafadóirí a thoiligh a bheith páirteach sa togra spreagúil seo. Foilseachán stairiúil is ea é seo; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha a chuir na scríbhneoirí seo ar fáil don teanga.