Micheál Ó Cuaig

Micheál Ó Cuaig

Grianghrafadóir: Máirín Seoighe

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 14 Meitheamh 2021

Suíomh: Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe

Seánraí: File

Rugadh in Áill na Brún, Iorras Aithneach in 1950.

Pósta le Mairéad Ní Chonghaile, na Doireadh, Baile na hAbhann agus tá seachtar clainne orthu.

Cháiligh mar bhunmhúinteoir in 1970. Ag teagasc i mBaile Átha Cliath, Rosmuc agus ina scoil dhúchais féin i gCill Chiaráin.

Dhá leabhar filíochta foilsithe – Uchtóga (1985) agus Clocha Reatha (1986).

An-bhainteach le cúrsaí amhránaíochta ar an sean nós – mar amhránaí agus eagraí ócáidí agus ceardlanna. Seal mar amhránaí cónaitheach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Bunaitheoir Fhéile Chomórtha Joe Éinniú agus é ina Stiúrthóir air ar feadh 28 bliain.

A native of Áill na Brún in the parish of Carna, Conamara.

Married to Mairéad Ní Chonghaile from na Doireadha, Baile na hAbhann.

Qualified as a primary teacher in 1970 and taught in Dublin, Rosmuc and in Cill Chiaráin.

Has two poetry collections published – Úchtóga (1985) and Clocha Reatha (1986).

Very involved with sean nós singing for many years – performing, conducting workshops and organising music events.

Was singer in residence for a year in NUIG.

Founder and director for 28 years of the Joe Heaney Memorial Festival.

Dáta breithe: 15 Iúil 1950

Scaip an phortráid seo:
LEÁ

Do Mheaigí

Théaltaigh gaoth go drogallach ó dheas.
Bhog sé amach. Chun ciúineadais…

Ag bailiú a nirt cinnte,
Mar le linn na hoíche
Rop aneas le díocas,
Is le ársú maidne
D’fhill gan a caille grian
Ag tál a balsaim tríd an aer –

B’fhollas réim an tseaca ar lár.

Tháinig croí don tseanbhean
Ag éirí amach di. Níos caidéisí
Chleacht an t-éan arís a éiseallacht,
A choimhthíos linn. An bhó gur chroch
Amach fán sliabh mar chomóradh,
Athscaoileadh spól an t-srutháin…

Is ba lena linn a ghéill an oighir
A bhí ina leic fám’ chroí is m’ionathar,
Mar go raibh tú a chuid ag bisiú chugam
Faoi dhearna an dianchúraim.

Feabhra, ’85

'Leá', Clocha Reatha (Cló Iar-Chonnachta, 1986), lch 13.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00