Máirín Seoighe

Máirín Seoighe

Cead úsáide: COMHAR

Ó bhunaigh sí Scannáin Dobharchú i 1992, tá réimse leathan clár léirithe ag Máirín do TG4 agus RTÉ, ó chláir faisnéise go cláir ceoil agus siamsaíochta. I measc na gclár sin tá Ceol na nOileán — sraith de dheich gclár a thugann léargas ar an gcultúr sainiúil dúchasach a bhaineann le hoileáin na hÉireann; Clann as Dobhar — clár faisnéise ar chlann ceolmhar Uí Bhraonáin a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu go hidirnáisiúnta lena gcuid ceoil agus Imircigh Ban — sraith ceithre chlár faisnéise a thugann léargas uathúil ar eispéiris na mban a chuaigh ar imirce go dtí an Bhreatain idir na blianta 1950 agus 1980.

Mhúin Máirín ranganna scileanna meán in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus bhí sí ar ghiúiré idirnáisiúnta Fhéile na Meán Ceilteach. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í agus is as Dúiche Sheoigheach i dtuaisceart Chonamara í ó dhúchas.

Since founding the independent media production company Scannáin Dobharchú in 1992, Máirín has produced and directed numerous documentaries and a varied range of music and entertainment programmes for TG4 and RTÉ. Scannáin Dobharchú’s productions include Ceol na nOileán — a series of ten programmes exploring the rich musical culture of Ireland’s islands; Clann as Dobhar — a documentary on the Brennan family from Gaoth Dobhair who have gained international acclaim through their music; and Imircigh Ban — a four-part documentary series that gives a unique insight into the experiences of Irish women who emigrated to Britain from the 1950s-80s.

Máirín has taught media skills classes at the National University of Ireland, Galway and has served as an international juror of the Celtic Media Festival. She is a graduate of NUI Galway. She grew up in Dúiche Sheoigheach, North Connemara.

Féach na portráidí »

Scaip an leathanach seo: