Jacqueline de Brún

Jacqueline de Brún

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Peatáin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 27 Lúnasa 2024

Suíomh: Campus Phádraig, Ollscoil Cathair Bhaile Átha Cliath, Droim Conrach

Scríobhann Jacqueline de Brún leabhair do pháistí. Is léachtóir í i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtugann sí treoir d’ábhair mhúinteoirí.

Tá dhá leabhar foilsithe aici go dtí seo; Scoil an Chnoic (An Gúm, 2007) agus Cloch na Gréine (Leabhar Breac, 2022). Bronnadh duaiseanna an Oireachtais ar an dá leabhar. Bhí sí ina comhairleoir oideachais san Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, áit a raibh sí freagrach as soláthar áiseanna do Ghaelscoileanna. Is ansin a chuir sí réimse leabhair in oiriúint don Ghaeilge idir phictiúrleabhair (beag agus mór), leabhair ríme, leabhair neamhfhicsin, scéalta traidisiúnta agus úrscéalta.

Is as Béal Feirste do Jacqueline; rugadh i 1970 í agus tógadh le leabhair í. Thosaigh sí amach ina saol gairmiúil mar mhúinteoir gaelscoile agus b’amhlaidh a chuir sí suim mhór sa léitheoireacht Ghaeilge agus i leabhair Ghaeilge do pháistí. Ba mhaith léi pobal na léitheoireachta Gaeilge a mhéadú agus tosú le daoine óga a mhealladh agus a spreagadh.

Tá taighde déanta aici ar aistriúcháin agus bunleabhair Ghaeilge do pháistí atá foilsithe ag COGG agus PhD déanta aici ar chúrsaí léitheoireachta i measc páistí ó aois naoi mbliana d'aois-11.  

Jacqueline de Brún is a children’s author. She is also a lecturer in Education in St. Patrick’s College, Dublin City University. She has two books published, Scoil an Chnoic (An Gúm, 2007) and Cloch na Gréine (Leabhar Breac, 2022). Both titles won awards at the Oireachtas. Jacqueline has spent time as an education advisor in the Áisaonad in St. Mary’s University, Belfast, where she was responsible for resources for Gaelscoileanna. In this role she translated or adapted many texts for children, picture books (big and small), books with rhyme, non-fiction texts, traditional tales and novels. Jacqueline is from Belfast. She was born in 1970 and was surrounded by books growing up. She started her professional life as a primary school teacher in the Irish-medium sector and has had a great interest in reading in Irish and in children’s books. She would love to see an increase in the reading public in Irish, believing that beginning young can encourage the habit of reading that continues into adulthood. She has carried out research on children books in Irish for children comparing translations and original texts. She has completed a PhD on the teaching and learning of reading among 9-11 year olds.

Dáta breithe: 1970

Naisc: Suíomh an scríbhneora »

Scaip an phortráid seo:

Stop Seán Ó Seáin ar a bhealach chun na scoile le hamharc ar an teach arís. Bhí díon tuí ar an teach seo. Díon déanta as féar! Agus beacha beaga deasa ag eitilt anonn is anall air. D’amharc Seán ar na ballaí. Bhí clocha beaga bána ar bhallaí tosaigh an tí. Clocha a bhí ag lonrú i solas na gréine. Chonaic sé an leac mhór a bhí i lár an ghairdín agus Cloch na Gréine scríofa uirthi. Bhí ainm ar an teach! Nár dheas ainm a bheith ar do theach, a smaoinigh sé.

Ach ansin, smaoinigh sé ar na scéalta ar fad a chuala sé faoin teach seo. Tharla cuid mhór drochrudaí ann. Chuir seo isteach go mór ar Sheán. Bhí a chara, Micí Mac Suibhne, ina chónaí ann lena Dhaideo. Sheas Seán go brionglóideach ag amharc ar an teach agus é ag smaoineamh. Cén fáth ar tharla drochrudaí sa teach seo? An raibh a chara Micí i gcontúirt?

Go tobann d’éirigh an spéir dorcha. Shíl Seán go raibh sé ag dul a chur. Bhí sé ag smaoineamh ar dheifriú ar aghaidh chun na scoile nuair a tharla sé. Níor chreid Seán an rud a tharla go díreach ag an nóiméad sin. Níor chreid sé an rud a chonaic sé lena dhá shúil

'An Lá a Thit an Spéir', i Cloch na Gréine (Leabhar Breac, 2022), lch 7.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00