Saoráidí brabhsála agus cuardaigh
Tá na saoráidí brabhsála agus cuardaigh seo a leanas ar fáil ar shuíomh Portráidí.ie:
- Brabhsáil de réir Scríbhneoirí
- Cuardach lántéacs
Brabhsáil de réir Scríbhneoirí
Tá nasc chuig an rannóg seo le fáil i gceanntásc agus i mbuntásc (barr agus bun) gach leathanaigh ar an suíomh. Déantar scríbhneoirí a liostáil in ord aibítreach sa rannóg seo de réir a gcéadainmneacha. Is féidir cliceáil ar litir ar bith A–Z anseo chun liosta de na daoine a bhfuil céadainm dar tús an litir sin orthu a fheiceáil. Is féidir an rogha GACH a dhéanamh freisin chun na portráidí ar fad a fheiceáil ar aon leathanach amháin. Déantar cliceáil ar ainm nó ar ghrianghraf an scríbhneora chun portráid an duine sin a oscailt.
Anuas ar na háiseanna thuas, is féidir liosta na scríbhneoirí a scagadh de réir critéar áirithe. Tá na critéir seo ar fáil ar thaobh na láimhe deise den scáileán agus brúitear ar ainm an chritéir chun an liosta cuí a tharraingt anuas. Is iad na critéir scagtha atá fáil ná:
- Inscne an scríbhneora.
- Dáta breithe an scríbhneora (nuair atá an t-eolas sin ar fáil).
- Seánra lena mbaineann an scríbhneoir.
- Meáin, is é sin nach dtaispeántar ach iontrálacha a bhfuil comhad fuaime ag gabháil leo.
- An grianghrafadóir a ghlac portráid an scríbhneora.
Cuardach lántéacs
Tá bosca cuardaigh ar fáil ag barr gach leathanaigh ar an suíomh seo, áit a bhfeictear an lipéad 'Cuardaigh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge'. Is féidir focail nó frásaí a scríobh isteach sa bhosca seo agus iad a chuardach ach an cnaipe cuardaigh (an deilbhín den ghloine formhéadúcháin atá ar thaobh na láimhe deise den bhosca cuardaigh) a bhrú nó an cnaipe IONTRÁIL (ENTER/RETURN) a bhrú ar do mhéarchlár nó ar do ghléas scáileán tadhaill. Déantar iarracht na téarmaí cuardaigh a aimsiú i measc céadainmneacha, sloinnte agus ainmneacha cleite na scríbhneoirí; téacs na mbeathaisnéisí idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus; téacs na sleachta ó shaothair na n-údar. Taispeántar leathanach nua le torthaí an chuardaigh ansin.
Próiseáil cuardach
Gné shuntasach de chóras cuardaigh Portráidí.ie is ea an láimhseáil a dhéantar ar théarmaí cuardaigh ó thaobh na teanga de d'fhonn an t-eispéireas cuardaigh a fheabhsú do na húsáideoirí. Ar na beartais atá i bhfeidhm:
- Tugann an córas cuardaigh aird ar leaganacha infhillte de théarmaí cuardaigh maille leis na tuisil éagsúla agus na huimhreacha uatha agus iolra a bhíonn ag ainmfhocail i nGaeilge. Mar shampla, má dhéantar cuardach ar an téarma "gearrscéalaí", gheobhfar portráidí ina luaitear "gearrscéalaí", "ghearrscéalaí", "gearrscéalaithe", "ngearrscéalaithe", agus mar sin de.
- Táthar ábalta leaganacha cosúla agus leaganacha gaolmhara de shloinnte Éireannacha coitianta, i nGaeilge agus i mBéarla, a aithint agus a chur ar fáil i measc torthaí cuardaigh. Mar shampla, gheobhfar portráid Bhreandáin Uí Dhoibhlin mar thoradh ar an téarma cuardaigh "Brendan Devlin"; gheobhfar portráid Danny Sheehy mar thoradh ar chuardach ina luaitear "Mac an tSíthigh", agus; aimseofar portráidí a bhfuil na sloinnte Suibhne, Mac Suibhne, Nic Shuibhne, srl. iontu mar thoradh ar chuardach ina bhfuil an téarma "Sweeney".
Acmhainní foinse-oscailte a mbaintear leas astu
Leis na hardfheimiúlachtaí próiseála teanga seo a chur ar fáil, baineann córas cuardaigh Portráidí.ie leas as na tacair sonraí foinse-oscailte seo a leanas:
- Liosta leamaithe don Ghaeilge arna chur ar fáil ag Michal Boleslav Měchura. Ar fáil anseo.
- Innéacs Sloinnte Éireannacha arna chur ar fáil ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an suíomh Dúchas.ie. Ar fáil anseo.
Tá COMHAR fíorbhuíoch de na páirtithe thuasluaite as ucht na sonraí seo a scaipeadh go poiblí.