Trí ainmniúchán ag www.portraidi.ie i mbabhta ceannais na Realex Web Awards

5 Meán Fómhair 2016

Trí ainmniúchán ag www.portraidi.ie i mbabhta ceannais na Realex Web Awards

Fógraíodh gearrliosta na n-iarrthóirí ar na Realex Web Awards 2016 ar an Aoine 3 Meán Fómhair. Tá ainmniúcháin ag www.portraidi.ie i dtrí chatagóir sa ghearrliosta: (i) An Suíomh Ealaíon agus Cultúir is Fearr; (ii) An Suíomh Gaeilge is Fearr, agus; (iii) Scothchleachtas. 

Tugann na Realex Payments Web Awards, atá ar an bhfód le naoi mbliana anuas, aitheantas do scoth na suíomh gréasáin a fhoilsítear in Éirinn. Is cúis áthais don fhoilsitheoir, COMHAR Teo., agus do Foras na Gaeilge, an t-údarás maoinithe a chéadthionscain an togra Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le Máire Uí Mhaicín, go ndeachaigh na hainmniúcháin ar fad a fuair www.portraidi.ie ar fhadliosta na n-iarrthóirí ar aghaidh chuig babhta ceannais na ngradam agus go bhfuil an suíomh luaite i measc go leor suíomh gréasáin snasta eile. Is teist é seo ar ardchaighdeán shaothar an ghrianghrafadóra mar aon le hiarrachtaí na foirne eagarthóireachta agus teicniúla agus a gcomhpháirtithe. Táthar ag súil go gcabhróidh na hainmniúcháin seo le príomhaidhm an tionscadail, is é sin aird an phobail a tharraingt ar lucht pinn na Gaeilge agus ar luach a saothair.

Is féidir breathnú ar ghearrliosta iomlán na n-iarrthóirí anseo. Bronnfar na gradaim ag ócáid in Amharclann Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath ar an 28 Meán Fómhair.