Suaimhneas Síoraí ar Mháirín Seoighe

29 Deireadh Fómhair 2022

Suaimhneas Síoraí ar Mháirín Seoighe
An grianghrafadóir agus scannánóir Máirín Seoighe

Ag cuimhneamh ar Mháirín Seoighe, atá básaithe, agus an méid a bhronn sí ar thogra na bPortráidí

Gabhann foireann Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge comhbhrón ó chroí le teaghlach Mháirín Seoighe, ar a bás, Dé hAoine 28 Deireadh Fómhair 2022. Cailleadh Máirín róluath i ndiaidh tinnis agus níl focail ar bith gur féidir a úsáid a dhéanann cur síos cóir ar shuáilcí Mháirín.

San am a chaith sí ag plé le tionscadal na bPortráídí chuir sí comaoin mhór ar shaol na Gaeilge sa bhealach agus gur thaisteal sí an tír le scoth na grianghrafadóireachta a sholáthar leis an spotsholas a chaitheamh ar bheoscríbhneoirí na teanga. Ainneoin an tinnis, lean sí uirthi go díograiseach go dtí deireadh na bliana 2021.

Ní fhéadfaimis cuimhneamh ar dhuine níos uaisle ná níos áille sa chúram seo, agus ar aon dul le bás Mháire Uí Mhaicín, táimid croíbhriste.

Go gclúdaí Dia í.