Le teacht i gceann seachtaine!

27 Meán Fómhair 2020

Le teacht i gceann seachtaine!
Seolfar na portráidí nua (2020) ag ócáid mhór liteartha phoiblí ar líne ar an 6 Deireadh Fómhair

Seolfar na portráidí nua (2020) ag ócáid mhór liteartha phoiblí ar líne ar an 6 Deireadh Fómhair

Tá cuid mhaith ag tarlú faoi láthair i dtionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge/portraidi.ie. Tá breis feidhmiúlachtaí á cur leis an láithreán gréasáin go luath anuas ar an réiteach deireanach ar phortráidí Ghrúpa 4 (2020) de Chéim 2 den tionscadal.

I measc na hoibre:

- Tá ballchríoch á cur le portráidí nua den ochtar sa cheathrú grúpa (Grúpa 2020) i gCéim 2 den tionscadal; cuimsítear Áine Durkin, Áine Uí Fhoghlú, Declan Collinge, Gary Hastings, Jackie Mac Donncha, Máirín Ní Dhonnchadha, Pádraigín Ní Uallacháin agus Seán Ó Coileáin sa ghrúpa seo.

- Tá portráid bhreise den fhile Seán Hutton i Londain curtha leis an mbunachar le déanaí a bhain, i dtosach, le buíon eile i gCéim 2, agus táimid buíoch de Phádraigín Riggs go háirithe as a cuidiú leis an iontráil seo a éascú.

- Seolfar na portráidí nua Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair 2020 ag imeacht speisialta phoiblí, i bpáirt le hOireachtas na Gaeilge, ar líne, tráth a fhógrófar Grúpa 2021, an chéad bhuíon scríbhneoirí eile i gCéim 2.

- Tá obair ar lean ar an mír nua oibre Portráidí don Oideachas, áit a chuirfear leaganacha úra oiriúnaithe d'iontrálacha na bPortráidí ar fáil d'úsáideoirí ag gach leibhéal foghlama don chóras oideachais.