Céimeanna na hoibre

Céim 1

Iúil 2015 - Meitheamh 2016

Foilsítear leabhar ardchaighdeán agus láithreán gréasáin ón gcnuasach álainn lándaite, le portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, ar tógadh a bportráidí idir 2009-2013, ag Máire Uí Mhaicín d’Fhoras na Gaeilge. Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoírí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile. Cuirtear beathaisnéis agus, de réir mar a oireann, sliocht dá saothar go tánaisteach leo. Cuirtear réamhrá agus sleachta cuimhní cinn leis an leabhar freisin, agus tá an láithreán gréasáin inchuardaithe ina áis luachmhar do shaol na Gaeilge anois agus sa todhchaí.

Céim 1b

Aibreán 2016 - ar aghaidh

Cuirfear comhaid fuaime de na scríbhneoirí ó Chéim 1 i mbun léitheoireachta ar shliocht a saothar leis na hiontrálacha de réir mar is toil le scríbhneoirí páirt a ghlacadh sa ghné seo den tionscadal. Deis atá ann gné na cartlannaíochta a chur leis an amharcábhar agus leis an ábhar liteartha agus acadúil scríofa, agus guth na scríbhneoirí ar fáil/le cloisteáil freisin. Tá an ghné seo ar lean i gcónaí, agus tá cuid áirithe de na hiontrálacha ann a bhfuil comhad mar seo le sonrú iontu.

Céim 2

Fómhar 2016 - ar aghaidh

Cuirfear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Beidh sonraí tanáisteacha sa bhunachar freisin: comhad fuaime, beathaisnéis, eolas liteartha etc. Socrófar é seo i bhfoirm baisceanna beaga uair amháin in aghaidh na bliana. Fógraíodh an chéad liosta nua, liosta 2017, i mí na Nollag 2016.

Déanann bord stiúrtha COMHAR liosta d'ochtar scríbhneoirí a mholadh gach bliain, agus cuirtear faoi bhráid phainéil anaithnid leis an rogha/moladh sin a dhearbhú, bunaithe ar chritéir éagsúla.

Ní ghlactar le hainmniúchán ón bpobal, ná féinainmniúchán i gcás scríbhneoirí. Moltar fanacht amach ón saghas seo stocaireachta.

Céim 2b

Earrach 2018

Cuireadh portráidí ó shraith Bhord na Gaeilge ó na 1980í leis an gcartlann sa bhliain 2018. Is é seo an chéad chás go bhfuil portráidí de scríbhneoirí atá imithe ar shlí na fírinne sa bhunachar anuas ar bheoscríbhneoirí. I gcásanna áirithe, tá fáil anois ar an dara híomhá de scríbhneoirí áirithe san aon iontráil chéanna.

Céim 2c

Tá sé i gceist portráidí ó shraith shiopa leabhar Kennys (Gaillimh) ó na 1960í (go dtí an lá atá inniu ann) a chur leis an gcartlann. Arís, i gcásanna áirithe, beidh fáil ar an dara híomhá de scríbhneoirí áirithe san aon iontráil chéanna.

Céim 3

Fómhar 2018 - ar aghaidh

Réiteofar bonn oideachasúil le sciar áirithe de na hiontrálacha, le háiseanna teagaisc, anuas ar phortráid & ábhar oiriúnaithe don léitheoir óg.

Colm Breathnach