Le teacht i gceann míosa!

12 Deireadh Fómhair 2018

Le teacht i gceann míosa!
Portráidí nua á réiteach faoi láthair chomh maith le feidhmiúlachtaí nua mar chuid den láthair gréasáin

Tá cuid mhaith ag tarlú faoi láthair i dtionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge/portraidi.ie. Tá breis feidhmiúlachtaí á cur leis an láithreán gréasáin go luath anuas ar an réiteach deireanach ar phortráidí Ghrúpa 2 (2018) de Chéim 2 den tionscadal.

I measc na hoibre:

- Tá ballchríoch á cur le portráidí nua den ochtar sa dara grúpa i gCéim 2 den tionscadal;

- Go luath, cuirfear breis feidhmiúlachtaí le hiontrálacha portráide an tsuímh chun méadú ar líon an eolais, agus an tslí gur féidir na portráidí a chuardach agus a scagadh ar chúinsí éagsúla;

- Seolfar na portráidí nua Déardaoin 29 Samhain 2018 ag imeacht phoiblí i mBaile Átha Cliath tráth a fhógrófar Grúpa 2019, an chéad bhuíon scríbhneoirí eile i gCéim 2.

- Seolfar Portráidí Bhord na Gaeilge (sraith ó na 1980í) atá curtha leis an suíomh in imeacht na bliana seo.