Le teacht go luath!

28 Meán Fómhair 2021

Le teacht go luath!
Seolfar na portráidí nua (2021) ag ócáid mhór liteartha phoiblí ar líne ar an 5 Deireadh Fómhair

Seolfar na portráidí nua (2021) ag ócáid mhór liteartha phoiblí ar líne ar an 5 Deireadh Fómhair

Tá cuid mhaith ag tarlú faoi láthair i dtionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge/portraidi.ie. Tá breis feidhmiúlachtaí á cur leis an láithreán gréasáin go luath anuas ar an réiteach deireanach ar phortráidí Ghrúpa 5 (2021) de Chéim 2 den tionscadal.

I measc na hoibre:

- Tá ballchríoch á cur le portráidí nua den ochtar sa cheathrú grúpa (Grúpa 2021) i gCéim 2 den tionscadal; cuimsítear Antain Mac Lochlainn, Deirdre Ní Ghrianna, Diarmuid de Faoite, Laoise Ní Chléirigh, Máire Dinny Wren, Micheál Ó Cuaig, Pádraig Ó Riain, agus Ríonach uí Ógáin sa ghrúpa seo.

- Seolfar na portráidí nua Dé Máirt 5 Deireadh Fómhair 2021 ag imeacht speisialta phoiblí, i bpáirt le hOireachtas na Gaeilge, ar líne, tráth a fhógrófar Grúpa 2022, an chéad bhuíon scríbhneoirí eile i gCéim 2.