Mícheál Ó Conghaile

Mícheál Ó Conghaile

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 15 Iúil 2011

Suíomh: Indreabhán, Co. na Gaillimhe

File, gearrscéalaí, úrscéalaí agus foilsitheoir é Mícheál. Rugadh é in Inis Treabhair i gConamara agus tá cónaí air in Indreabhán. In 1985 bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht (CIC), comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe in Indreabhán. Tá sé ar an bhfoilsitheoir ceoil thraidisiúnta is táirgiúla in Éirinn agus ar cheann de na mórfhoilsitheoirí leabhar Gaeilge. Tá os cionn cúig chéad leabhar foilsithe aige. Is mar scríbhneoir cruthaitheach is mó aithne ar Mhícheál, go háirithe ó foilsíodh a chnuasach gearrscéalta An Fear a Phléasc (1997), an t-úrscéal Sna Fir (2000) a bhí ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times, an nóibhille Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (2002), agus an cnuasach gearrscéalta, An Fear nach nDéanann Gáire (2003). Tá sealanna caite aige mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin freisin. Tá gearrscéalta leis aistrithe go teangacha éagsúla — Albáinis, Rómáinis, Cróitis, Slóivéinis, Polainnis, Gearmáinis, Macadóinis, Ioruais agus Béarla ina measc. Léirigh An Taibhdhearc trí dhráma dá chuid, Cúigear Chonamara, Jude agus Go dTaga do Ríocht. Sa bhliain 1998 toghadh Mícheál ina bhall d’Aosdána.

Micheál Ó Conghaile was born in Inis Treabhair, Conamara, Co. Galway in 1962. He has published poetry, short stories, a novel, plays, a novella and translations. Among his awards are the Butler Literary Award, the Hennessy New Irish Writer of the Year Award, the Stewart Parker/BBC Ulster Award, multiple Oireachtas awards and a Writers Week/Listowel Award. His books include An Fear a Phléasc, Sna Fir, An Fear nach nDéanann Gáire, Cúigear Chonamara, The Connemara Five and The Colours of Man. His works have been translated into various languages, including Romanian, Croatian, Albanian, Slovenian, German, Polish, Macedonian Norwegian, and English. An Taibhdhearc has produced three of his plays. He is a member of Aosdána since 1998. He established the publishing company Cló Iar-Chonnacht (CIC) in 1985 and is director of Cló Iar-Chonnacht, An Clóchomhar and Sáirséal Ó Marcaigh.

Dáta breithe: 1962

Áit bhreithe: Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe

Scaip an phortráid seo:

“Go sábhála Dia sinn,” a deir sé. ‘Go sábhála . . . mac dílis Dé . . . sinn,” a deir sé aríst agus é mar a bheadh ag tarraingt na bhfocal, ceann ar cheann, aniar as Meicsiceo. Bhraith mé gur mhaith leis dá bhféadfadh sé cur leo, dá mbeadh freagra nó – rud eicínt eile a rá – nó dá mbeadh caint shimplí réamhullmhaithe ann a d’fhéadfadh sé a tharraingt chuige. Rud ar bith a bhainfeadh slabhra focal as an gciúnas.

“An bhfeiceann tú sin anois,” a d’éagaoin sé agus é ag tarraingt anáil fhada d’aer na cistine isteach trína pholláirí agus á raideadh amach aríst le teannadh. “An bhfeiceann tú sin anois?”

Rug sé ar an mbuicéad guail agus bhain an clár de dhroim an range, gur dhoirt carnáinín guail síos i mullach na tine. Thóg cúpla fód móna as an mála plaisteach 10-10-20 a bhí in aice an range gur shac síos i mbarr aríst iad – ag déanamh caoráin bhriste den phéire deireanach acu faoina ghlúin, lena gcúinne a shaothrú i gcúngacht phacáilte an range béal lán. Seo nós a chleacht sé i gcónaí, an gual agus an mhóin a mheascadh. Bheadh an gual róthe – agus ródhaor ar aon nós, a deireadh sé – agus ba dheacair an mhóin a dheargadh scaití, ná mórán teasa a fháscadh aisti, go háirithe as an gcuid de a bhí fós ina leathspairteach th’éis an drochshamhraidh . . . D’ardaigh sé an scuaibín láimhe den phionna gur scuab síos sa tine an smúdar seachránach móna a bhí tite ar bharr an range. Lig don chlár ciorclach iarainn sciorradh ar ais ina ghrua go torannach. Tharraing sé anáil dhomhain ard eile, é fós dírithe isteach ar an range.

“Agus ar inis tú do do chuid deirfiúrachaí faoi seo . . .”

Mícheál Ó Conghaile, sliocht as an ngearrscéal ‘Athair’ ón gcnuasach, An Fear A Phléasc, lgh 148-149 (Cló Iar-Chonnacht 1997)