Tomás Ó Floinn

Tomás Ó Floinn

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Ina Phríomh-Chigire Meánscoile ó 1965 agus ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais ó 1967 go 1975 agus cúram na bunscolaíochta air. Rinne sé eagarthóireacht ar An Camán agus Comhar, agus scríobh sé iontu, agus in An Iodh Morainn. Ar a shaothar, tá Athbheo, 1955 agus Athdhánta, 1969, leaganacha Nua-Ghaeilge d’fhilíocht na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge; Scéalaíocht na Ríthe, 1956, i gcomhar le Proinsias Mac Cana; leagan Nua-Ghaeilge de Aisling Mhic Conglinne, 1980 agus Toghail na Téibe, 1983. Ina bhunaitheoir agus ina chathaoirleach ar An Bhuanchoiste Téarmaíochta, agus ar Choiste Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath 1982-1990. Bronnadh DLittCelt air i 1991.

Chief Inspector of secondary schools from 1965 and Assistant Secretary in the Department of Education 1967 to 1975 with responsibility for primary schooling. He edited An Camán and Comhar, writing for both and also for university magazine An Iodh Morainn. Works include Athbheo, 1955 and Athdhánta, 1969, Modern Irish versions of Old and Middle Irish poetry; Scéalaíocht na Ríthe, 1956, with Proinsias Mac Cana; a modern Irish version of Aisling Mhic Conglinne, 1980 and Toghail na Téibe, 1983. Founder and chair of An Bhuanchoiste Téarmaíochta, and on the Steering Committee of the School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies. Awarded a DLittCelt in 1991.

Ainm cleite: Flann Mac an tSaoir, Morann

Dáta breithe: 9 Nollaig 1910

Dáta báis: 11 Nollaig 1997

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Agus is de bhrí gur lean sé den táirim sin agus gur shaothraigh sé a cheird go hionraic dílis díograiseach idir dhá linn go bhfuil feabhas thar aitheantas beagnach le sonrú ar an chéad leabhar eile a tháinig uaidh – An Braon Broghach, deich mbliana níosa dhéanaí. Tá aon scéal déag sa leabhar sin. Fágaim trí cinn acu sin as an chomhaireamh: ‘Tnúthán an Dúchais’ atá ina cheapadóireacht dá fheabhas mar scéal é ar bhealaí áirithe agus an dá scéal deiridh, ‘Lá Scíthe’ agus ‘Oscailt an Dorais’ ná fuil iontu ach ábhar íogair éadrom éalaitheach, dem dhóigh. Na scéalta eile atá ann tá siad ar aon chumhacht amháin, iad uilig ach ‘An tAonmhadh Fleasc Déag’ fáiscthe as féitheacha an nádúir dhaonna, as an bhforrú agus an crácamas a ndearnadh tagairt dóibh romhainn, as trua agus tuiscint an údair don treibbhh arb eol dó gach cor ina n-intinn, gach lúb ina bhfalsacht, gach dóigh dá spreagann iad, gach cam agus díreach dá siúlaid.

- As ‘Máirtín Ó Cadhain – 1’, Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar, 1997, in eagar ag Liam Prút, lgh 101-102.