Seoltar an tríú grúpa phortráidí nua i gCéim 2

3 Deireadh Fómhair 2019

Seoltar an tríú grúpa phortráidí nua i gCéim 2
An slua i láthair an ócáid seolta Phortráidí 2019

Seoltar an tríú grúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid speisialta i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, mar atá ar liosta 2019:

Ba é Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach reatha Fhoras na Gaeilge a rinne cúram den seoladh agus is iad Caoimhín Ó Peatáin, Máirín Seoighe agus Seán Ó Mainnín a ghlac na portráidí áille, nua, i mbliana mar chuid de Chéim 2.

Pól Ó Gallchóir le Myra Zepf, duine de Ghrúpa 2019