Seoltar an seachtú grúpa nua phortráidí i gCéim 2

30 Meán Fómhair 2023

Seoltar an seachtú grúpa nua phortráidí i gCéim 2
Ochtar na bliana seo, 2023

Seoltar an seachtú grúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath.

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid speisialta in Iarsmalann Litríocht na hÉireann, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, mar atá ar liosta 2023:

Is iad Lára Ní Mhaoláin, Seán Ó Mainnín, Caoimhín Ó Peatáin agus Moira Sweeney a thug faoi na portráidí seo, ó phainéal aitheanta ghrianghrafadóirí an togra. Anuas orthu siúd ar an liosta sin, ba mhaith linn páirtnéireacht a lua leis an ngrianghrafadóir clúiteach Albanach, Cailean Maclean, a thug faoi phortráid Rody Gorman ar an Oileán Sgítheanach.