Le teacht gan mhoill!

11 Meán Fómhair 2023

Le teacht gan mhoill!
Seolfar na portráidí nua (2023) ag ócáid mhór liteartha phoiblí in Iarsmalann Litríocht na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meán Fómhair

Seolfar na portráidí nua (2023) ag ócáid mhór liteartha phoiblí in Iarsmalann Litríocht na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meán Fómhair

Tá cuid mhaith ag tarlú faoi láthair i dtionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge/portraidi.ie. I measc na hoibre:

- Tá ballchríoch á cur le portráidí nua den ochtar sa seachtú grúpa (Grúpa 2023) i gCéim 2 den tionscadal; cuimsítear Breandán Delap, Brenda Ní Shúilleabháin, Dara Ó Conaola, Marie Whelton, Meidhbhín Ní Úrdail, Neil Buttimer, Rody Gorman, agus Sadhbh Devlin;

- Déantar ceiliúradh speisialta ar ghaol úr leis an tionscanmh le Gaeilge na hAlban, agus an grianghrafadóir Cailean Maclean nasctha le ceann de na portráidí i mbliana;

- Seolfar na portráidí nua Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair 2023 ar a 6.30pm ag imeacht speisialta phoiblí, i bpáirt le hOireachtas na Gaeilge, in Iarsmalann Litríocht na hÉireann (MoLI) ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, tráth a fhógrófar Grúpa 2024, an chéad bhuíon scríbhneoirí eile i gCéim 2.