Grúpa 2021 ainmnithe!

8 Deireadh Fómhair 2020

Grúpa 2021 ainmnithe!
Fógraíodh ainmneacha an ghrúpa nua scríbhneoirí a mbeidh a bportráidí á nglacadh ag an bpaineál grianghrafadóirí sa bhliain 2021

Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an cúigiú liosta nua, liosta 2021, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an cúigiú liosta nua, liosta 2021, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt. Is iad siúd:

Réiteofar portráidí den ochtar scríbhneoirí seo, móide eolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile sa chéad sé mhí de 2021 le poibliú faoi mhí na Samhna an bhliain seo chugainn, nuair a sheolfar an t-ábhar agus nuair a fhógrófar liosta 2022. Tá COMHAR agus Foras na Gaeilge thar a bheith buíoch de na scríbhneoirí agus na grianghrafadóirí a thoiligh a bheith páirteach sa togra spreagúil seo. Foilseachán stairiúil is ea é seo; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha a chuir na scríbhneoirí seo ar fáil don teanga.