Grúpa 2021 ainmnithe!
8 Deireadh Fómhair 2020
Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an cúigiú liosta nua, liosta 2021, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt
Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an cúigiú liosta nua, liosta 2021, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt. Is iad siúd:
- Antain Mac Lochlainn: úrscéalaí, aistritheoir, gearrscéalaí, agus scríbhneoir acadúil
- Deirdre Ní Ghrianna: gearrscéalaí agus iriseoir
- Diarmuid de Faoite: drámadóir agus scríbhneoir scripte
- Laoise Ní Chléirigh: scríbhneoir don aos óg
- Máire Dinny Wren: file, gearrscéalaí agus drámadóir
- Mícheál Ó Cuaig: file agus cumadóir
- Pádraig Ó Riain: Iar-ollamh le Sean-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, scríbhneoir acadúil agus logainmneoir
- Ríonach uí Ógáin: Iar-stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, agus scríbhneoir acadúil
Réiteofar portráidí den ochtar scríbhneoirí seo, móide eolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile sa chéad sé mhí de 2021 le poibliú faoi mhí na Samhna an bhliain seo chugainn, nuair a sheolfar an t-ábhar agus nuair a fhógrófar liosta 2022. Tá COMHAR agus Foras na Gaeilge thar a bheith buíoch de na scríbhneoirí agus na grianghrafadóirí a thoiligh a bheith páirteach sa togra spreagúil seo. Foilseachán stairiúil is ea é seo; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha a chuir na scríbhneoirí seo ar fáil don teanga.