Grúpa 2017 ainmnithe!

14 Nollaig 2016

Grúpa 2017 ainmnithe!
Fógraíodh ainmneacha an ghrúpa nua scríbhneoirí a mbeidh a bportráidí á nglacadh sa bhliain 2017

Beidh sé i gceist sraith d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí a chur leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an chéad liosta nua, liosta 2017, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt.

Preasráiteas na hócáide

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirfear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Beidh sé i gceist sraith d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí a chur leis an mbunachar in aghaidh na bliana. Chuige sin, ba mhór le páirtithe an tionscadail an chéad liosta nua, liosta 2017, a bhaineann le Céim 2 den togra a roinnt. Is iad siúd:

Réiteofar portráidí den ochtar scríbhneoirí seo, móide eolas beathaisnéise agus sonraí gaolmhara eile sa chéad sé mhí de 2017 le poibliú faoi mhí na Nollag an bhliain seo chugainn, nuair a sheolfar an t-ábhar agus nuair a fhógrófar liosta 2018. Tá COMHAR agus Foras na Gaeilge thar a bheith buíoch do na scríbhneoirí agus na grianghrafadóirí a thoiligh a bheith páirteach sa togra spreagúil seo. Foilseachán stairiúil i mbliain stairiúil atá anseo; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha a chuir na scríbhneoirí seo ar fáil don teanga.