Mícheál Ó hAirtnéide

Mícheál Ó hAirtnéide

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Sráid Líosain, Baile Átha Cliath

Scríobh sé féin agus Caitlín Maude an dráma An Lasair Choille, 1961. Dánta grá a cheaptar a bheith faoi thionchar laoithe cumainn na Gaeilge is ea a chéad chnuasach Anatomy of a Cliché, 1968. Ar feadh breis is deich mbliain is í an Ghaeilge is mó a bhí á saothrú aige. I rith na tréimhse sin foilsíodh Cúlú Íde / The Retreat of Ita Cagney, 1975; Adharca Broic, 1978; An Phurgóid, 1983; Do Nuala: Foidhne Chrainn, 1984; An Lia Nocht, 1985. D'fhoilsigh sé aistriúcháin ar fhilí móra an 17ú haois — Ó Bruadair, Haicéad, agus Ó Rathaille; saothair aistriúcháin eile is ea: The Poems of Nuala Ní Dhomhnaill, 1986; Dánta Naomh Eoin na Croise, 1991.

Harnett famously heralded his transition to writing predominantly in Irish in ‘A Farewell to English’, 1975. Inchicore Haiku, 1985 was seen to mark his return to English. Works in English include The Hag of Beare, 1969; Selected Poems, 1970; Tao, 1971; Gipsy Ballads, 1973, a version of Lorca poems; A Book of Strays, 2000; Collected Poems, 2001. Bilingual works are Cúlú Íde / The Retreat of Ita Cagney, 1975; A Necklace of Wrens, 1987. He jointly edited the anthology Choice, 1973, with Desmond Egan, and literary magazine Arena with James Liddy. He was highly regarded for his translations, including those of 17th century Irish poets.

Ainm cleite: Michael Harnett

Dáta breithe: 18 Meán Fómhair 1941

Áit bhreithe: Cromadh, Co. Luimnigh

Dáta báis: 13 Deireadh Fómhair 1999

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:
An Muince Dreoilíní

Do Mhícheál Ó Ciarmhaic, file

I mo bhuachaill óg, fadó fadó,
d’aimsíos nead.
Bhí na gearrcaigh clúmhtha, fásta,
is iad ag scread.

D’éirigh siad — is thuirling
arís ar m’ucht
Ormsa bhí muince clúimh
sa mhóinéar fliuch.

Níor dhuine mé ach géag crainn
nó carn cloch
ach bhí iontas crua nár bhraith said
ag bualadh faoi m’ucht.

B’in an lá ar thuirling ceird
a éilíonn ómós:
is d’fhág a n-ingne forba orm
nár leigheasadh fós.

A Necklace of Wrens: selected poems in Irish with English translations by the author (Gallery Books, 1987), lch. 18.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00