Michael Davitt

Michael Davitt

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Mar bhall bhunaigh de INNTI, tugtar suas dó gurbh é ba mhó a spreag borradh i bhfilíocht Ghaeilge a linne. Mar bhainisteoir seal ar Ghael Linn agus baint aige le mórán feachtais Ghaelacha eile. Bhí cáil air as a chuid oibre teilifíse, m.sh. Léargas agus cláir agus scannáin a bhain leis na healaíona. Ar a chnuasaigh dánta, tá, ina measc: Gleann ar Ghleann (1981); Bligeard Sráide (1983); Scuais (1998); Freacnairc Mhearcair / The Oomph of Quicksilver (2000). 

As a founding member of INNTI, it is acknowledged that Michael Davitt inspired the growth/revival of Irish-language poetry in his day. He was employed as manager for Gael Linn for some time and has also been involved in many other Irish campaigns. He was renowned for his contribution to telivision, including works such as Léargas, and also telvision programmes and films about the Arts. His poetry collections include: Gleann ar Ghleann (1981); Bligeard Sraide (1983); Scuais (1998); Freacnairc Mhearcair / The Oomp of Quicksilver (2000). 

Dáta breithe: 20 Aibreán 1950

Áit bhreithe: Baile na mBocht, Co. Chorcaí

Dáta báis: 19 Meitheamh 2005

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Urnaí Maidne

Slogann dallóg na cistine a teanga de sceit
caochann an mhaidin liathshúil.
Seacht nóiméad déag chun a seacht
gan éan ar chraobh
ná coileach ag glaoch
broidearnach im shúil chlé
is blas bréan im bhéal.

Greamaíonn na fógraí raidió den bhfo-chomhfhios
mar a ghreamódh
buíocán bogbheirithe uibh
de chois treabhsair dhuibh
mar a ghreamódh cnuimh de chneá.
Ná héisteodh sibh
in ainm dílis Dé ÉISTÍG . . .

Tagann an citeal le blubfhriotal miotalach
trí bhuidéal bainne ón gcéim
dhá mhuga mhaolchluasacha chré.
Dúisigh a ghrá
tá sé ina lá. Seo, cupán tae
táim ag fáil bháis
conas tánn tú fhéin?

Bligeard Sráide (Coiscéim, 1983), lch 27