Máirín Ní Dhonnchadha

Máirín Ní Dhonnchadha

Grianghrafadóir: Máirín Seoighe

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 29 Iúil 2020

Suíomh: Bóthar na Trá, Co. na Gaillimhe

Saolaíodh i bPort Láirge sa bhliain 1957. Fuair meánscolaíocht i gColáiste Íde i mBaile an Ghóilín, siar ón Daingean, scoil chónaithe lán-Ghaelach ag Siúracha na Trócaire inar cothaíodh tírghrá agus meas ar thraidisiúin na ndaoine. Bhí d’ádh uirthi sármhúinteoir Gaeilge a bheith aici ansúd, an tSr Baiste Ní Leighin, agus osclaíodh a súile do shaibhreas Chorca Dhuibhne.

Bhain céim BA sa Léann Ceilteach amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus MA sa tSean-Ghaeilge. Le cúnamh Scoláireacht Sir John Rhŷs, chaith bliain in Oxford mar a raibh na hollúna Ellis Evans agus Thomas Charles-Edwards mar oidí aici. Dhein dochtúireacht faoi stiúir an Ollaimh Pádraig Ó Riain, ar théacs dlí Sean-Ghaeilge a bhí dírithe ar mhná, Cáin Adomnáin. Thug dhá bhliain ag obair ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, agus dhá bhliain mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Chaith seal mar léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Fuair post mar ollamh cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ard-Léinn. Ceapadh ina hOllamh Bunaithe le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus Teangeolaíocht Cheilteach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, sa bhliain 1996.

Tá spéis aici i dtraidisiún na Gaeilge idir shean is nua. Ba chomheagarthóir í ar The Field Day Anthology, iml. 4 & 5: Irish Women’s Writing and Traditions (2002), agus tá riar maith aistí scríofa aici ar chiallú téacsanna próis agus filíochta, ar chúrsaí inscne agus ar chuid na mban den traidisiún, agus ar chúrsaí séimeantaice.

Born in Waterford in 1957, and grew up in Dungarvan, Tralee and Cork. Secondary schooling in Coláiste Íde, an all-Irish boarding school run by the Sisters of Mercy, located in what had formerly been the home of Lord Ventry, west of Dingle. There, she had the good fortune to be taught Irish by an inspirational teacher, Sr Baiste Leen, and to be introduced to the cultural riches of Corca Dhuibhne.

Went to UCC on an Entrance Scholarship. Awarded BA in Celtic Studies, Mansion House Scholarship for Irish, MA in Old Irish. Spent a year at Jesus College, Oxford, supported by the Sir John Rhŷs Scholarship. Awarded PhD in Old and Middle Irish for edition of Old Irish law tract Cáin Adomnáin, supervised by Pádraig Ó Riain, UCC. Spent two years working on Royal Irish Academy’s Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, under the editorship of Tomás de Bhaldraithe. Lectured in Modern Irish at University College, Dublin. Appointed Assistant Professor, School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies, in 1993, and Established Professor of Old and Middle Irish and Celtic Philology at University College, Galway, in 1996.

Interested in the long continuum of Gaelic tradition, from medieval to modern. Co-edited Revising the Rising (1991), and The Field Day Anthology, vols. 4 & 5: Irish Women’s Writing and Traditions (2002). Edited Nua-Léamha: Gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann, c. 1600–1900 (1991), and has published many articles on individual texts, issues of gender, women’s creativity, and semantics.

Dáta breithe: 1957

Áit bhreithe: Co. Phort Láirge

Scaip an phortráid seo:

Ba de nádúr na mban caointe bheith ag cur aighnis—ar an mbás go speisialta, ach thógaidís aighneas le feiniméin eile agus le daoine chomh maith. Má dheineadh na filí aitheanta a bhíodh ag gabháil don bhfilíocht de shíor is de ghnáth buanú agus athléiriú ar an ídé-eolaíocht a bhí in uachtar sa saol Gaelach, samhlaítear dioscúrsa freasúrach leo siúd nach n-ardaíodh a nguth ach amháin ar ócáid thurraingeach an bháis. Chuireadh lucht caointe ceisteanna crua: ní minic a bhíodh ‘Dé bheatha grásta Dé’ á rá acu, mar shampla. Inter alia cheistídís údarás, cliarlathas, clú, dlisteanacht, forlámhas na bhfear, iompar ban. Bhíodh an tslí a bhfógraídís uathu gnéithe míthaitneamhacha den saol neartaithe ag an ndearbhú a dheinidís ar ghnéithe eile. Ba ghnách níos mó ná aghaidh amháin a bheith ar an scéal a d’insíodh an bhean chaointe (nó an fear caointe). Ar an ábhar so, is minic a thugann dreas caointeoireachta léargas gléineach ar an dteannas faoin ndromchla, i saol an teaghlaigh nó sa tsochaí i gcoitinne.

Sliocht as ‘Caoineadh ón Ochtú hAois Déag: Téacs agus Comhthéacs’, in Máirtín Ó Briain agus Pádraig Ó Héalaí (eag.), Téada Dúchais: Aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Madagáin (Cló Iar-Chonnachta, 2002), 181–214, ag 199.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00