Liam Prút

Liam Prút

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Baile Átha Cliath

Malairt portráide: Portráid

Iarbhráthair, iarmhúinteoir, iarléachtóir agus iaraistritheoir ba ea Liam, ach scríbhneoir ba ea é i gcaitheamh na mblianta sin go léir. Chuir sé na 'hiar'-anna sin laistiar de nuair a chuaigh sé ar scor sa bhliain 2002, agus ba scríbhneoir lánaimseartha é as sin ar aghaidh Scríbhneoir ilghníomhach, ilchumasach ba ea é a mbíodh raon leathan séanraí scríbhneoireachta mar chleachtas aige. Bhí taithí aige ar obair eagarthóireachta, agus ar aistí critice a scríobh mar aon leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is mó díolaim filíochta foilsithe ag Liam, ina measc: Fíon as Seithí Óir (1972), Asail (1982), An Dá Scór (1984), An Giotár Meisce (1988), Loch Deirg-Dheirc (1994), Plumaí (1997), Gealadhram (2002) agus Cnap-Uaisle (2008). Bhí cáil air freisin mar úrscéalaí agus mar ghearrscéalaí. Désirée (1989), Geineasas (1991), An Leanbh sa Lamborghini (1996), Sna Flaithis go hArd (2011) mar úrscéalta aige agus Sean-Dair (1985), agus Scéalta nach Beag (2002) foilsithe mar chnuasaigh gearrscéalta. Léiriú eile ar réimse a cheirde ba iad na foilseacháin do pháistí. Foilsíodh Crúibín, scéal faoi shearrach agus a chuid eachtraíochta, sa bhliain 2002. Lean uaidh seo Cara ag Crúibín (2003), agus Crúibín agus an tAsal (2007).

Liam Prút, poet and writer of fiction, won many awards for his work. Born in Nenagh, Co. Tipperary, he joined the Christian Brothers in 1953. His poetry collections included Fíon As Seithí Óir (1972), Asail (1982), An Dá Scór (1984), and An Giotár Meisce (1988); he published short stories, Sean-Dair (1985), a novella, Geineasas (1991), and Désirée (1989), a novel. He also published for children — Crúibín (2002), Cara ag Crúibín (2003), and Crúibín agus an tAsal (2007).

Dáta breithe: 1940

Áit bhreithe: An tAonach, Co. Thiobraid Árann

Dáta báis: 30 Meán Fómhair 2023

Scaip an phortráid seo:

Ní leánn an t-im ’na béal!


Glam-nach-binn murascaille
An Iaráic thrua ’na bladhm
Sionainn séanta seachantach
Aistriú: colainn-leá

Giúdaigh ghearrchiníoch
Éilíonn coire-thrua
Aisling na hiarfheirge
Ag cothú feirge nua

Glam-nach-binn murascaille
Sasain ’na hainmhéid Nua
I bhfad ó bhás Aimeirice
Is fós á tharraingt chucu

Éirinn bheag an bacach
Níos dearóile ná riamh
Taca claon an mhaistín
Ní leánn an t-im ’na béal!

Liam Prút, sliocht ón gcnuasach Cnap-Uaisle, lch 34 (Coiscéim, 2008)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00