Doireann Ní Ghríofa

Doireann Ní Ghríofa

Grianghrafadóir: Lára Ní Mhaoláin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 23 Márta 2018

Suíomh: Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath

Seánraí: File

Rugadh Doireann Ní Ghríofa i nGaillimh agus tógadh i gCo. an Chláir í ach tá sí anois ag cur fúithi i gCorcaigh. Scríobhann sí filíocht as Gaeilge agus as Béarla araon. Ar na duaiseanna a bronnadh uirthi tá Sparánacht Ollamh Filíochta na hÉireann (2014), Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide agus Duais Uí Ruanaigh do Litríocht na hÉireann (2016), agus Comhaltacht Seamus Heaney (2018). Tá cúig chnuasach filíochta foilsithe aici – Résheoid (2011); Dúlasair (2012); Dordéan, do Chroí / A Hummingbird, your Heart (2014); Clasp (2015); agus Oighear (2017). Tá filíocht léi foilsithe i réimse leathan irisí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus bíonn a cuid
saothar le cloisteáil ar RTÉ Raidió 1 go minic.

Doireann Ní Ghríofa is a bilingual writer born in Galway and raised in Clare. She now lives in Cork. Among her awards are the Ireland Chair of Poetry Bursary (2014), the Rooney Prize for Irish Literature and the Michael Hartnett Award (both 2016), and a
Seamus Heaney Fellowship (2018). Five books of her poetry have been published: Résheoid (2011); Dúlasair (2012); Dordéan, do Chroí / A Hummingbird, your Heart (2014); Clasp (2015); and Oighear (2017). Her work frequently features in literary journals both in Ireland and internationally, and is to be heard on RTÉ Radio 1.

Dáta breithe: 29 Aibreán 1981

Scaip an phortráid seo:

Céad Choinne, Sráid Azul


Sa chistin, seolann boladh caife siar mé
go maidin eile, i dtír eile, i bhfad uaim,

áit a lasaim toitín agus séideann tú ar do chaife.
Éiríonn gal is deatach ar an aer.

Eitlíonn péire féileacán
dearg tharainn.

Monarchs, a deir tú. Cromann tú chugam
le míniú go n-eitlíonn siad 3,000 míle

chuig crainn ghiúise Mheicsiceo.
Smaoiním ar phobal na nAstacach

a d’fhéach ar fhéileacáin mar anamacha
ar foluain trí spéartha ciúine – naimhde marbha,

nó mná a bhásaigh is iad ag saolú linbh – cneácha
tiontaithe ina sciatháin dhearga. Níl a fhios agam

céard ba chóir dom a rá. Nuair a osclaím mo bhéal,
eitlíonn mo theanga uaim ar an ngaoth.

As Oighear (Coiscéim, 2017), lch. 14.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00