Clíodna Cussen

Clíodna Cussen

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 21 Meán Fómhair 2010

Suíomh: Baile Átha Cliath

Saolaíodh í i gCaisleán Nua Thiar i gContae Luimnigh sa bhliain 1932. Dealbhóir, ealaíontóir agus údar í. Tá sí pósta le Pádraig Ó Snodaigh agus seisear clainne acu. D'fhreastal sí ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus i bhFlórans, san Iodáil. Chaith sí a saol ag saothrú le cré-umha agus le cloch. Chomh maith leis sin, tá saothar grafaicí déanta aici don Stiúideó Grafach i mBaile Átha Cliath. Tá a cuid saothar léirithe go forleathan agus ghnóthaigh sí duais dá dealbhóireacht ag an Oireachtas, chomh maith le Bonn Órga don dealbhóireacht as Lios Tuathail. Chomh maith le dearadh líon mór leabhar agus féilirí, tá leabhair dá cuid féin foilsithe aici le Coiscéim: Inniu an Luan (1987), Soraidh Slán, a ghnóthaigh duais an Oireachtais (1993), Teacht na nGael go hÉirinn, athinsint i nGaeilge an lae inniu ar imeachtaí Mhic Mhíle as Leabhar Gabhála Éireann (1995), An Eala Dhubh (1996), Sifíní, bailiúchán filíochta (2001), Cath Chluain Tarbh (2003), Conall agus Údaí (2005), Ar Dheisiúr na Gréine (2006) a bhuaigh duais an Oireachtais, Síoda ar Shíoda, Rogha Dánta ó 7002000 (2008), a chuir sí in eagar le Mícheál Ó Ruairc, Turasanna (2011) agus An Eochair (2014).

Clíodna Cussen was born in Newcastle West in 1932 and educated in Co. Limerick. She attended third level education in Dublin and Florence and is presently based in Dublin and Kerry. She works as a full-time sculptor using mostly bronze and stone. Clíodna does graphic work in the Graphic Studio Dublin and she also illustrates and publishes Irish children's stories. She has exhibited widely and won a number of awards for her work, including the Listowel Gold Medal for sculpture and the sculpture prize at the Oireachtas.

Dáta breithe: 1932

Áit bhreithe: An Caisleán Nua, Co. Luimnigh

Scaip an phortráid seo: