Clíodna Cussen

Clíodna Cussen

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: Dublin

Saolaíodh í i gCaisleán Nua Thiar i gContae Luimnigh sa bhliain 1932. Dealbhóir, ealaíontóir agus údar ab ea í. Bhí sí pósta le Pádraig Ó Snodaigh agus seisear clainne acu. D'fhreastail sí ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus i bhFlórans, san Iodáil. Chaith sí a saol ag saothrú le cré-umha agus le cloch. Chomh maith leis sin, bhí saothar grafaicí déanta aici don Stiúideó Grafach i mBaile Átha Cliath. Bhí a cuid saothar léirithe go forleathan agus ghnóthaigh sí duais dá dealbhóireacht ag an Oireachtas, chomh maith le Bonn Órga don dealbhóireacht as Lios Tuathail. Chomh maith le dearadh líon mór leabhar agus féilirí, bhí leabhair dá cuid féin foilsithe aici le Coiscéim: Inniu an Luan (1987), Soraidh Slán, a ghnóthaigh duais an Oireachtais (1993), Teacht na nGael go hÉirinn, athinsint i nGaeilge an lae inniu ar imeachtaí Mhic Mhíle as Leabhar Gabhála Éireann (1995), An Eala Dhubh (1996), Sifíní, bailiúchán filíochta (2001), Cath Chluain Tarbh (2003), Conall agus Údaí (2005), Ar Dheisiúr na Gréine (2006) a bhuaigh duais an Oireachtais, Síoda ar Shíoda, Rogha Dánta ó 7002000 (2008), a chuir sí in eagar le Mícheál Ó Ruairc, Turasanna (2011) agus An Eochair (2014).

Clíodna Cussen was born in Newcastle West in 1932 and educated in Co. Limerick. She attended third level education in Dublin and Florence and was based for many years between Dublin and Kerry. She worked as a full-time sculptor using mostly bronze and stone. Clíodna undertook graphic work in the Graphic Studio Dublin and she also illustrated and published Irish children's stories. She exhibited widely and won a number of awards for her work, including the Listowel Gold Medal for sculpture and the sculpture prize at the Oireachtas.

Birth date: 1932

Place of birth: Newcastle, Co. Limerick

Share this portrait: