Máire Uí Mhaicín

Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Teaghlach Mháire Uí Mhaicín

Léachtóir agus scríbhneoir ab ea Máire Uí Mhaicín, a shaothraigh ar an togra dúshlánach grianghrafadóireachta seo, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, ar feadh roinnt blianta i ndiaidh di críoch a chur lena teagasc ar an tríú leibhéal. Bunaíodh tionscadal na bPortráidí ar na buanna a bhí ag Máire leis an teanga, leis an aithne agus eolas a bhí aici ar scríbhneoirí agus scríbhneoireacht na Gaeilge, agus ar an umar léinn a bhí aici ar gach gné de litríocht na Gaeilge thar cúpla céad bliain. Thuig sí ealaín na portráidíochta agus conas mar a chuaigh an duine i bhfeidhm ar a bportráid agus a mhalairt.

Is féidir teacht ar bheathaisnéis a saoil ag www.ainm.ie agus aiste ina hómós, "Mac Amhlaigh, L. (2013) 'Máire Uí Mhaicín: oide eolasach, cara uasal' Comhar Samhain, 29-30"

Máire Uí Mhaicín was a lecturer and writer who worked on this challenging photographical project, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, for a number of years after her retirement from teaching in third-level education. The 'Portráidí' project was based on Máire's capacity with the Irish language, upon her unparalleled knowledge of writers and writing in the Irish language, and the depth of her scholarship in every aspect of Irish-language literature over a couple of hundred of years. She very much understood the art of portraiture and how the person interacted with their portrait and vice-versa.

Máire's biography is available in full at www.ainm.ie and the following piece was written in her honour: "Mac Amhlaigh, L. (2013) 'Máire Uí Mhaicín: oide eolasach, cara uasal' Comhar November, 29-30"

Máire

Ré Ó Laighléis

Maidin bhioranta i lár mhí Feabhra, bliain éigin de na blianta sna luath-1990idí. Bhí gile an dóchais ar an lá céanna. Gléithe. An spéir ina gorm glan gairdeach. Í den chineál úd a fhógraíonn dearfacht ar an aer. Goimh fuachta fhaobhrach ar chúl an mhuiníl orm a d’airigh mé, agus glas á chur agam ar dhoras mo chairr i gclós páirceála Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais, Baile Átha Cliath. Agus, leis sin, pléasc. Pléasc dhathúil nach gceadódh oiread agus frídín den neamhaird don té a d’aireodh. Phléasc pearsa ar an láthair romham nárbh eol di puth ná fainne ná aon lag-iarracht. Pléasc a thuillfeadh ainm di féin mar a dhéanfadh hairicín nó stoirm gheimhridh. Pléasc spleodrach splancúil an ghairdis ar a thugas – agus ar a dtugaim fós – Máire na Caoine, Máire na Séimhe, Máire Mhánla Uí Mhaicín na hUas-uaisleachta.

Deirge dhána na scairfe uirthi a bhuail sa dá shúil mé ar dtús. Ansin croíúlacht an gháire. Agus, sna sála orthu sin beirt, an loinnir dhamhsach dhaonchaire sa dá rosc gheala uirthi a rinne ceangal idir í agus goirme na spéire an mhaidin earraigh úd. Agus rug sí ar na lámha orm, amhail seanaithne a bheith againn ar a chéile, dhruid chuici mé agus phóg go féilteach fáilteach ar an dá leiceann mé ar an mbealach galánta Francach úd do bhíodh de shíor ag Máire. “Tá fíorchaoin fáilte romhat go Ráth Maonais, a Ré,” ar sí. Agus bhí.

Ba í an chéad uair dom castáil ar an bhfórsa daonna seo, agus d’airigh mé a dúthrachtsa om' líonadh féin, om' phrímeáil, om' réiteach don chur i láthair do bhí romham. Lean an séideán fuinniúil isteach sa léachtlann mé agus, de gheit ionnúis istigh, bhí a fhios agam go raibh tairseach trasnaithe agam agus nach mbeadh dul siar riamh ar an dtrasnú sin i ndán dom. Tairseach an chairdis, tairseach na comhthuisceana, tairseach na huaisleachta. Rud daonna. Rud anama. Rud maorga. Máire.

Maidin eile fós gar do scór bliain ina dhiaidh sin, agus bhíos ag fanacht ar Mháire teacht ar cuairt orm féin agus ar Eva, mo bheansa, i Loch Reasca an Chláir. Bhí na deicheanna d’ócáidí curtha dínn againn san achar idir an dá chastáil sin. Máire mar oideachasóir, Máire mar cheannródaí litríochta, Máire mar mháthair, mar chéile, mar Chríostaí, mar chara – an uile Mháire feicthe agam. Agus an fuinneamh pléascach céanna inti agus í i mbun gach aon ról díobh. Agus, an lá seo féin, Máire mar ghrianghrafadóir. “A bhuí le Dia,” arsa mise liom féin, “an bhfuil srian ar bith ar thallanna na mná seo!” Agus ’sí fírinne an scéil ná nach raibh.

Goirme ghárthach na scairfe a chonaic mé ar dtús ar theacht as an gcarr di an lá sin, ansin croíúlacht an gháire, mar a bhí riamh. Agus na súile, iad pramsach damhsach i gcónaí, ach iad méidín beag níos uisciúla ná mar a bhí an mhaidin úd fiche bliain roimhe sin. Iad tuarthach. Iad taiscéalaíoch. Iad ag scinneadh go heitleach cuardach i logaill a cinn istigh, mar a dhéanaidís i gcónaí, ach mé á mheas le súile úra aici an babhta seo. Súile an ghrianghrafadóra.

An phóg dhéleicneach agus fáscadh uair eile fós, ansin an phléasc. Pléasc chun oibre. Pléasc chun breith ar an íomhá a d’aithin sise ionam, díreach mar a d’fheicfeadh dealbhóir an cruth sa chloch istigh. Íomhá nach bhféadfainn féin a aithint nó go n-imreodh Máire ildánach a draíochtsa le clic-clic an cheamara agus le mias an réalta – ailceimic á himirt ag an ailceimí mná seo. Agus d’imir. Ansin faoiseamh tamall.

Tráth mharbhshruth na stoirme seal. Am don chaifé i ndiaidh an rabharta. Am don chomhrá scaithimhín. Am don gháire. Ach thairis sin an lá sin, ní raibh d’am ach don sciuird-aistear ó thuaidh le go bpléascfadh sí i láthair scríbhneoir éigin eile nár thuig a raibh d'fhórsa chuige, b’fhéidir, nó gur ardaigh Máire ceamara os a chomhair le go rianófaí anam-phictiúr eile i mbáisín an réalóra.

Ar thréigean Loch Reasca di an lá sin, chaith sí draíocht na súl liom athuair, ’s ansin an gáire caoin úd aici, agus lean goirme na scairfe ina spleodardhath isteach sa charr í agus dúnadh comhla an lionsa orm go brách ina dhiaidh sin.