Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 17 Lúnasa 2011

Suíomh: Gaillimh

As Tír Eoghain do Chaitríona Hastings. Ina léachtóir le Gaeilge agus Béaloideas in Ollscoil Uladh agus in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo go dtí 2010 nuair a d’éirigh sí as an obair. Roinnt leabhar do pháistí foilsithe aici: Dea-Scéala (1998), Balor (2009), An Gréasaí Bróg agus na Síoga (2010), Mac Rí Éireann (2011), Ó Chrann go Crann (2011), An tÉan Órga (2014), Hubert (2014). Chuir sí eagar ar chuid den bhéaloideas a thiomsaigh na daltaí scoile faoi scéim Bhailiúchán na Scol i gCathair na Mart, Maigh Eo, sa leabhar Ag Bun na Cruaiche (2009). Tá an t-ábhar céanna sin á ullmhú aici do chathair na Gaillimhe, a fhoilseofar go luath faoin teideal Cathair na Sruthán. Creideann sí gur fiú go mór an traidisiún béil agus na seanscéalta a chur ar fáil i modhanna tarraingteacha nua-aimseartha do lucht ár linne. Creideann go bhfuil gá againn leo. Tá roinnt gradam buaite aici, gradam Réics Carlo ina measc.

Caitríona Hastings hails from County Tyrone. She lectured in Irish and Folklore in the University of Ulster and Galway-Mayo Institute of Technology before retiring in 2010. She has written a number of books for children: Dea-Scéala (1998), Balor (2009), An Gréasaí Bróg agus na Síoga (2010), Mac Rí Éireann (2011), Ó Chrann go Crann (2011), An tÉan Órga (2014), Hubert (2014). She edited oral traditions assembled by Westport national school pupils in the 1930s, under the Schools’ Collection scheme, in Ag Bun na Cruaiche (2009). At present, she is working on the same material from Galway city and environs, which will be published shortly under the title Cathair na Sruthán. She believes it is important to find attractive new ways of making oral tradition and folk literature accessible to a modern audience, that we need them. She has received a number of awards including Gradam Réics Carlo.

Áit bhreithe: Tír Eoghain

Scaip an phortráid seo:

An Madadh Rua

‘Suigh ar mo dhroim anois,’ arsa an madadh rua. ‘Bhéarfaidh mé a fhad le Rí na Spáinne thú.’

Bhí iontas ar Jack ach rinne sé mar a iarradh air. Suas leo ansin, suas, suas san aer. Bhí siad ag imeacht agus ag síor-imeacht le trí lá agus trí oíche, thuas os cionn na néalta. Chonaic Jack píosaí móra talaimh thíos fúthu agus farraigí móra millteacha. Chonaic sé foraoiseacha agus fásaigh. Chonaic sé dufairí móra dubha agus sléibhte arda maorga. Chonaic sé lochanna doimhne uisce agus aibhneacha fada geala ag sní a mbealaigh síos isteach sna haigéin ghlasa. Chonaic sé feirmeacha agus sráidbhailte, caisleáin agus cathracha. Uaireanta, ní fhaca sé aon ní, nó bhí brat ceo anuas ar gach rud. B'álainn leis é ar fad. Agus rud eile, ní raibh aon drochbholadh thuas ansin mar bhí an ghaoth thart timpeall orthu gach áit!

Sa deireadh, tháinig siad anuas i gcoill a bhí ar amharc phálás Rí na Spáinne. 

Caitríona Hastings, An tÉan Órga, lgh 28-9 (An tSnáthaid Mhór, 2014)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00