Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: Galway

Ba as Tír Eoghain do Chaitríona Hastings. Ina léachtóir le Gaeilge agus Béaloideas in Ollscoil Uladh agus in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo go dtí 2010 nuair a d’éirigh sí as an obair. Roinnt leabhar do pháistí foilsithe aici: Dea-Scéala (1998), Balor (2009), An Gréasaí Bróg agus na Síoga (2010), Mac Rí Éireann (2011), Ó Chrann go Crann (2011), An tÉan Órga (2014), Hubert (2014). Chuir sí eagar ar chuid den bhéaloideas a thiomsaigh na daltaí scoile faoi scéim Bhailiúchán na Scol i gCathair na Mart, Maigh Eo, sa leabhar Ag Bun na Cruaiche (2009). Tá an t-ábhar céanna sin ullmhaithe aici do chathair na Gaillimhe faoin teideal Cathair na Sruthán. Chreid sí gur fiú go mór an traidisiún béil agus na seanscéalta a chur ar fáil i modhanna tarraingteacha nua-aimseartha do lucht ár linne. Chreid sí go bhfuil gá againn leo. Tá roinnt gradam buaite aici, Gradam Réics Carlo ina measc. Cailleadh í i mí na Márta 2021.

Caitríona Hastings hailed from County Tyrone. She lectured in Irish and Folklore in the University of Ulster and Galway-Mayo Institute of Technology before retiring in 2010. She has written a number of books for children: Dea-Scéala (1998), Balor (2009), An Gréasaí Bróg agus na Síoga (2010), Mac Rí Éireann (2011), Ó Chrann go Crann (2011), An tÉan Órga (2014), Hubert (2014). She edited oral traditions assembled by Westport national school pupils in the 1930s, under the Schools’ Collection scheme, in Ag Bun na Cruaiche (2009). She worked on the same material from Galway city and environs, under the title Cathair na Sruthán. She believed it was important to find attractive new ways of making oral tradition and folk literature accessible to a modern audience, and that we need such material. She has received a number of awards including Gradam Réics Carlo. She died in March 2021.

Place of birth: Tyrone

Death date: 15 March 2021

Share this portrait:

An Madadh Rua

‘Suigh ar mo dhroim anois,’ arsa an madadh rua. ‘Bhéarfaidh mé a fhad le Rí na Spáinne thú.’

Bhí iontas ar Jack ach rinne sé mar a iarradh air. Suas leo ansin, suas, suas san aer. Bhí siad ag imeacht agus ag síor-imeacht le trí lá agus trí oíche, thuas os cionn na néalta. Chonaic Jack píosaí móra talaimh thíos fúthu agus farraigí móra millteacha. Chonaic sé foraoiseacha agus fásaigh. Chonaic sé dufairí móra dubha agus sléibhte arda maorga. Chonaic sé lochanna doimhne uisce agus aibhneacha fada geala ag sní a mbealaigh síos isteach sna haigéin ghlasa. Chonaic sé feirmeacha agus sráidbhailte, caisleáin agus cathracha. Uaireanta, ní fhaca sé aon ní, nó bhí brat ceo anuas ar gach rud. B'álainn leis é ar fad. Agus rud eile, ní raibh aon drochbholadh thuas ansin mar bhí an ghaoth thart timpeall orthu gach áit!

Sa deireadh, tháinig siad anuas i gcoill a bhí ar amharc phálás Rí na Spáinne. 

Caitríona Hastings, An tÉan Órga, lgh 28-9 (An tSnáthaid Mhór, 2014)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00