Bríd Ní Mhóráin

Bríd Ní Mhóráin

Grianghrafadóir: Máirín Seoighe

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 30 Meitheamh 2017

Suíomh: An Com, Oirthear Dhuibhneach, Co. Chiarraí

Rugadh Bríd Ní Mhóráin in Áth Trasna, Co. Chorcaí ach d’aistrigh a muintir go dtí an gCom, in Oirthear Dhuibhneach, nuair a bhí sí an-óg. Is ann a mhaireann sí lena fear céile. D’oibrigh sí mar mhúinteoir teangacha i dTrá Lí ó 1975–2001. Bhí sí fostaithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, mar scríbhneoir cónaitheach ó 2003–2017. D'fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach, Ceiliúradh Cré (1992). An Sagart a d'fhoilsigh Fé Bhrat Bhríde, (2002), Pietas (2010), Saothrú an Ghairdín (2015) agus a tráchtas MLitt Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá (1997). D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta Síolta an Iomais (2006) agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhoilsigh An Cosán Bán/The White Path (2008) agus Glórtha ón gCillín (2015). Bhí sí ina comheagarthóir ar Best of Irish Poetry/Scoth na Filíochta 2008 (Munster Literature) agus ina heagarthóir ar Idir Chruach is Chuan (Comhairle Chontae Chiarraí, 2007). Tá roinnt dá saothar foilsithe ar an idirlíon: Connotation Press (2011), Poetry International Rotterdam (2013), agus i Southword (2013). Tá duaiseanna Oireachtais don bhfilíocht (1988 agus 1989) agus don bprós (1992) buaite aici, chomh maith leis an gcéad duais do dhán Gaeilge, Juden, i bhFéile Filíochta Idirnáisiúnta na Leabharlanna Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin (2005). Bhronn An Chomhairle Ealaíon cúig sparánacht uirthi, agus Ealaín na Gaeltachta dhá cheann. Tá sí páirteach i dtograí comhoibritheacha le healaíontóirí atá lonnaithe in Albain, a chuir taispeántas ar siúl in Éirinn, Albain agus i Sasana, le cúpla bliain anuas.

Bríd Ní Mhóráin was born in Newmarket, Co. Cork but her family moved to Camp, in West Kerry, when she was very young.
She worked as a language teacher in Tralee from 1975–2001. She was employed by Oidhreacht Chorca Dhuibhne, with support from Ealaín na Gaeltachta, as writer in residence in Corca Dhuibhne between 2003–2017. Coiscéim published her first collection, Ceiliúradh Cré (1992). An Sagart published Fé Bhrat Bhríde (2002), Pietas (2010), Saothrú an Ghairdín and her MLitt thesis, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá (1997). Cló Iar-Chonnachta published Síolta an Iomais (2006) and Oidhreacht Chorca Dhuibhne published An Cosán Bán/The White Path (2008) and Glórtha ón gCillín (2015). She was joint editor of The Best of Irish Poetry/Scoth na Filíochta 2008 (Munster Literature) and edited Idir Chruach is Chuan (Kerry Co. Council, 2007). Some of her work has been published online: Connotation Press (2011), Poetry International Rotterdam (2013), and in Southword (2013). She was awarded Oireachtas poetry prizes (1988 and 1989) and an Oireachtas prose prize (1992) as well as first prize for a poem in Irish at Dún Laoghaire/Rathdown International Poetry Festival (2005). The Arts Council granted her five bursaries and Ealaín na Gaeltachta two. In recent years, she has participated in collobarative work with Scottish based artists who exhibited in Ireland, Scotland and England.

Dáta breithe: 1951

Áit bhreithe: Áth Trasna, Co. Chorcaí

Scaip an phortráid seo:

In Ainmneacha na Máithreacha

Síneann slabhra slán
ó Bhrigit, bé na filíochta,
trí Bhrighid Chill Dara,
bronntóir ime agus bainne
anuas trí na glúnta
go dtí Brighid Ní Chaoimh,
an bhean bhainne
ó Bhinn na Míol,
i gCo. Chorcaí;
an té gur ghnách léi
míorúilt na gcúig mbuilín
a dhéanamh gach lá dá saol;
shín sí sin an lúb chuig Brighid eile,
caomh mar rós ar a leaba luí seoil
nuair a leag sí a gariníon nua-shaolaithe
ar ucht na máthar,
bunóc gur dhein Brighid file di
i bhfaid na haimsire.

A mháithreacha neimhe agus talún,
deonaíg’ dom tíos, fios is leigheas
a raghaidh chun tairbhe dár gcine
is a bheidh mar mhaise
in áit an lúib ar lár
i ngréasán na hiomláine.

As Saothrú an Ghairdín (An Sagart, 2015), lch 129.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00