Alex Hijmans

Alex Hijmans

Grianghrafadóir: Máirín Seoighe

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 13 Márta 2019

Suíomh: Bearna, Co. na Gaillimhe

Rugadh Alex Hijmans san Ísiltír. Bhí cónaí air in Éirinn ar feadh dhá bhliain déag i nóchaidí an chéid seo caite agus i dtosach an chéid seo. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge i nGleann Cholm Cille, ar an gCeathrú Rua agus i nGaillimh; chaith sé tréimhsí ag obair i seomraí nuachta Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus TG4 agus bhí teach caife dátheangach aige i gcathair na Gaillimhe ar feadh scaithimh. Le tamall de bhlianta anuas tá sé lonnaithe sa Bhrasaíl.

Tá sé leabhar scríofa i nGaeilge aige, idir fhicsean agus neamhfhicsean: Idir dhá thír, An Tearmann, Splancanna ó shaol eile, Gonta, Aiséirí agus Favela (le Cois Life).

Bronnadh gradaim liteartha Oireachtais ar an saothar neamhfhicsin Favela, ar an gcnuasach gearrscéalta Gonta, agus ar an ngearrscéal An neascóid atá ar fáil sa chnuasach Idir dhá thír. Tá an t-úrscéal Aiséirí ainmnithe ar liosta ‘50 Irish Books’ de chuid na heagraíochta Contemporary Irish Writing.

Foilsíodh gearrscéalta i nGaeilge ó pheann Alex sna hirisí Comhar agus Irish Pages. Cuireann sé ailt iriseoireachta ar fáil go rialta do Comhar agus scríobhann sé dhá cholún don suíomh Tuairisc.ie gach seachtain.

D’aistrigh Alex mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, go hÍsiltíris agus tá dhá úrscéal do dhéagóirí aistrithe ón Ísiltíris go Gaeilge aige, mar atá Cén chaoi a bhfuil tú? Go maith le Anke Kranendonk agus Maistín le Peter-Jan Rens (le Cló Iar-Chonnacht).

Alex Hijmans was born in The Netherlands. He moved to Ireland in 1995, studied Irish at Oideas Gael in Gleann Cholm Cille, Co. Donegal and at NUI Galway, and spent the next decade as a reporter in various Irish-language newsrooms and as a barista in a bilingual café which he ran in Galway City. He is currently based in Brazil, where he works as a correspondent and columnist for Tuairisc.ie and Comhar.

Alex has written six books in Irish — the novels Aiséirí and An Tearmann, the short story collections Gonta and Idir dhá thír and two works of non-fiction, Favela and Splancanna ó shaol eile (with Cois Life).

The travelogue Favela, the short story collection Gonta and the short story An neascóid (featured in Idir dhá thír) have won Oireachtas literary awards; the novel Aiséirí features on Contemporary Irish Writing’s ‘50 Irish Books’ list. Alex’s short stories in Irish have appeared in Comhar and Irish Pages.

Alex’s translation into Dutch of Máirtín Ó Cadhain’s masterpiece Cré na Cille was published as Onder de zoden in The Netherlands in 2017; translations into Irish of two Dutch novels for young adults (Cén chaoi a bhfuil tú? Go maith by Anke Kranendonk and Maistín by Peter-Jan Rens) were published by Cló Iar-Chonnacht.

Dáta breithe: 1975

Áit bhreithe: Heemskerk, An Ísiltír

Scaip an phortráid seo:

Tá mé i mo sheasamh ar chúl bhád farantóireachta, amuigh ar an deic. Tá dath liath ar spéir na Samhna agus tá an bád á luascadh ó thaobh go taobh ag an bhfarraige choipthe. Imíonn cósta na hIorua ó léargas. Téann na paisinéirí eile isteach. Fanaimse san áit a bhfuilim, greim an fhir bháite agam ar ráillí na deice, ag stánadh ar an lorg bán a fhágann an bád ina dhiaidh ar an bhfarraige, an marbhshruth.

Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus — dá laghad é — d’fhag mise lorg ar Thír na Sámach. Fearacht mharbhshruth an bháid agus eireaball na réalta eireabaill, rachaidh an lorg sin i léig le himeacht ama. Fós féin, i gceann céad nó míle bliain, cloisfidh an té a bheas beo an t-am sin mo ghlór sna garbhchríocha úd, thall ag barr na cruinne — má chuireann sé cluas le héisteacht air féin.

Idir dhá thír (Cois Life, 2017), lch 160.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00