Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 8 Meán Fómhair 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sí tamall ag obair mar mhúinteoir teanga in ollscoil in Bordeaux. Mhúin sí an Ghaeilge i gColáiste Lehman i Nua-Eabhrac ar scoláireacht Fulbright. Tá céim dhochtúra aici ó OÉ Gaillimh. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánachtaí ar Ailbhe in 2008 agus in 2015. Mar aon leis an bhfilíocht, scríobhann sí ailt ó am go chéile in The Irish Times. Chaith sí seal ina heagarthóir Gaeilge ar an iris ar líne Southword. Léigh sí filíocht dá cuid i bPáras, i Nua-Eabhrac, i mBeirlín, agus ar an mBuailtín. Tá roinnt dá saothar filíochta aistrithe go Béarla ag Gabriel Rosenstock, ag Billy Ramsell agus ag David Wheatley. D’fhoilsigh Coiscéim Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016). Le linn Thuras na bhFilí Albanacha in 2012, bronnadh Corn an Choirnéil Eoghan Ó Néill ar Ailbhe dá dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’. Tugann an comórtas aitheantas d’fhilíocht nua-chumtha sa Ghàidhlig agus sa Ghaeilge. Roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh was born in Tralee, Co. Kerry in 1984. She graduated from the National University of Ireland, Galway, in 2005 with a BA in Irish and French. She spent a year teaching in Bordeaux and later taught Irish in Lehman College in New York on a Fulbright programme. She has a doctorate from National University of Ireland, Galway. The Arts Council awarded her an artist’s bursary in 2008 and 2015. As well as poetry, Ailbhe occasionally writes articles for The Irish Times. Gabriel Rosenstock has translated some of her poems to English, as has Billy Ramsell and David Wheatley. She has read her work in Paris, New York, Berlin, and Baile an Fheirtéaraigh. Coiscéim published the collections Péacadh (2008) and Tost agus Allagar (2016). In 2012 her poem ‘Deireadh na Feide’ won the O’Neill Poetry Prize. ‘Filleadh ar an gCathair’ was chosen as Ireland’s EU Presidency poem in 2013 and was shortlisted in 2015 for RTÉ’s ‘A Poem for Ireland’.

Dáta breithe: 1984

Áit bhreithe: Trá Lí, Co. Chiarraí

Naisc: Suíomh an scríbhneora »

Scaip an phortráid seo:

Irrintzina

Teanga scairte i dTír na mBascach a
úsáidtear chun mothúcháin a chur in iúl.

Ó! Dá mbeimis ar bhur nós-sa, a Bhascacha
ag scaoileadh le gach racht go hard,
ag ligint le gach gomh, gach gol, gach guí, gach gairdeas
i sruth géar glórmhar, gáirtheach...

bheimis suairc is grágach.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Tost agus Allagar, lch 7 (Coiscéim, 2016)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00