Vivian Uíbh Eachach

Vivian Uíbh Eachach

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 21 Bealtaine 2013

Suíomh: Baile Átha Cliath

Rugadh agus tógadh Vivian Uíbh Eachach i gceantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath. Is aistritheoir ó thaobh gairme é agus tá sé ina Phríomh-Aistritheoir i dTithe an Oireachtais. Bhí sé gníomhach i rith na mblianta le heagraíochtaí éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn: Cumann Gaelach na Saoirsí, Muintir Dhuibhlinne, Gael-Linn, Comhar, Gaelscoileanna agus cumainn eile nach iad. Tá leabhar faoi charachtair sráide Bhaile Átha Cliath scríofa aige — Zozimus agus a Chairde (An Gúm, 1990), leabhar rannta aibítreacha faoi na hainmhithe — Aibítir na nAinmhithe (Cló Iar-Chonnacht, 1990), leabhar faoi eachtraí fhoireann sacair na hÉireann i rith na mblianta — An Bóthar chun na Róimhe (Coiscéim, 1990), agus dhá leabhar faoi phearsana móra staire de chuid na nGael — Fiach mac Aodha Ó Broin (Leabhar Breac, 2003) agus Somhairle Mór (Leabhar Breac, 2005). Bhí sé ina eagarthóir ar Comhar (1995-1997) agus ar Iris Ghaelscoileanna agus ina eagarthóir ar imeachtaí Féile Zozimus, féile bhliantúil a d’eagraíodh Gael-Linn sna nóchaidí.

Vivian Uíbh Eachach was born and raised in the Liberties area of Dublin. He is a translator by profession and is Chief Translator in the Houses of the Oireachtas. He was active over the years with various organisations in promoting the Irish language: Cumann Gaelach na Saoirsí, Muintir Dhuibhlinne, Gael-Linn, Comhar, Gaelscoileanna and other groups. He has written a book on Dublin street characters — Zozimus agus a Chairde (An Gúm, 1990), a book of alphabetical verses about animals — Aibítir na nAinmhithe (Cló Iar-Chonnacht, 1990), a book about the exploits of the Irish soccer team through the years — An Bóthar chun na Róimhe (Coiscéim, 1990), and two books on major Gaelic characters in history — Fiach mac Aodha Ó Broin (Leabhar Breac, 2003) and Somhairle Mór (Leabhar Breac, 2005). He was editor of Comhar (1995-1997) and the Gaelscoileanna Magazine and edited the proceedings of Féile Zozimus, an annual festival organised by Gael-Linn in the nineties.

Áit bhreithe: Na Saoirsí, Baile Átha Cliath

Scaip an phortráid seo:

Nuair a bhí an t-amhrán ráite ag an dall, lig an slua na gártha arda molta. Caitheadh caipíní san aer agus tugadh bualadh bos. Chuaigh fear beag cromtha ag bailiú pinginí.

Go tobann, stop na gártha is an bualadh bos. D'fhéach gach duine i dtreo bhun na sráide. Na póilíní! Scaip an slua ar deis is ar clé. Suas scabhait is síos lánaí. D'imigh an fear beag i bhfolach laistiar de bhairille. Ní raibh fágtha anois ach an dall.

"A Phócaí na gCloch, a Phócaí na gCloch," ar seisean. "Cá bhfuil tú? Go mall, tháinig an fear beag amach as an bpoll folaigh. "Anseo, Zoz," ar seisean.

"An bhfuil slua timpeall orm nó cad tá ar bun?" a d'fhiafraigh an dall. "Níl, dáiríre, Zoz," arsa an fear beag.

"Bhuel, cad é an fothrom a chloisim i mo thimpeall, mar sin?"

"Na póilíní," arsa an fear beag. Leis sin leag póilín lámh ar ghualainn an daill. 

Vivian Uíbh Eachach, ‘Zozimus: rí na mbailéad’, sliocht as Zozimus agus a Chairde, lch 75 (An Gúm, 1990)