Tomás Mac Síomóin

Tomás Mac Síomóin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Baile Átha Cliath

Malairt portráide: Portráid

Fuair Tomás Mac Síomóin (Baile Átha Cliath, 1938) a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí, agus Ph. D. ó Ollscoil Cornell. Iar-eagarthóir Comhar agus Anois é. Bhí ceithre chnuasach filíochta foilsithe aige sular thug aghaidh ar phrós-scríbhneoireacht. Ghnóthaigh greann dorcha Cín Lae Seangáin agus Scéalta Eile céad duais an Oireachtais 2005 do chnuasach gearrscéalta. I measc na n-úrscéalta uaidh, aorann Ag Altóir an Diabhail (2003) agus An bhfuil Stacey ag Iompar? (2011) Éire an lae inniu; ghnóthaigh An Tionscadal (2006), a thugann faoi dhispeansáid ghaimbíneach na huaire, príomhdhuais liteartha Oireachtas 2006; pléann In Inmhe (2004) cás dílleachta in iarthar tíre i lár an fichiú haois; ceistíonn Ceallaigh (2009), a scríobhadh i gCúba, caitheachtáil na mórmheán leis an tír úd. Léiríonn cúig leabhrán dár foilsíodh idir 2004 agus 2006 dearcadh sóisialach an údair i leith cheisteanna sóisíalta agus cultúrtha na linne. D'aistrigh sé filíocht le Ernesto Cardenal ón Spáinnis go Gaeilge, Na Cathracha Caillte (2004) agus úrscéal Juan Rulfo, Pédro Páramo (2008) agus, le Cathal Mac Gabhann, úrscéal ón gCatalóinis le Victor Mora, Mo Chroí san Afraic (2002). I gcomhar le Douglas Sealy chuir sé Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin, Selected poems/Tacar dánta (1984). Ina 21 Dán/Poemes/Poemas (2011) solathraítear rogha dá dhánta féin aistrithe go Catalóinis agus Spáinnis. Cailleadh é sa Spáinn i mí na Feabhra 2022.

Tomás Mac Síomóin (born in Dublin, 1938) was educated by the Christian Brothers, at University College Dublin and at Cornell Unversity (USA) from where he received his Ph. D. He was a biological science researcher and lecturer at third-level institutes in Ireland, the USA and Holland before he moved to Catalonia in 1998. A former editor of Comhar and Anois, he had four collections of poetry published before undertaking prose fiction writing. His darkly humorous Cín Lae Seangáin [An Ant's Diary] (2005), won the Oireachtas 2005 short story collection first prize. The novels Ag Altóir an Diabhail (2003) and An bhfuil Stacey ag Iompar? (2011) satirize contemporary Ireland; An Tionscadal (2006) criticises the current socio-economic order; In Inmhe (2004), dealing with the tribulations of an orphan in mid-20th century rural Ireland, re-evokes the atmosphere of that dark epoch; Ceallaigh (2009), written in Cuba questions mass-media treatment of that country. Four booklets published between 2004 and 2006 reflect the writer’s socialist slant on contemporary social and cultural issues. With Douglas Sealy he translated poems of Máirtín Ó Direáin, Selected poems/Tacar dánta (1984). His 21 Dán/Poemes/Poemas (2011) is a selection of his translations of his own poems in Irish, Catalan and Spanish. He died in Spain in February 2022.

Dáta breithe: 1938

Áit bhreithe: Baile Átha Cliath

Dáta báis: 17 Feabhra 2022

Scaip an phortráid seo:

Buaileann strainséara atá ina sheasamh taobh le Seat Ibiza 2000 glasuaithne bleid ar An Citroen.

Nuair a bhí an stáisiún artola úd creachta acu, níor shásaigh tada na bligeaird úd ach an áit a chur trí thine, a deir sé. I gcroílár an lae, samhlaigh a leithéid, a dhuine! Gan scáth ná náire orthu. Is gan Garda ar bith i radharc. Tar éis a bhfuil á chaitheamh ar chúrsaí slándála ar na saolta seo! Sin mar atá an saol ag gabháil, a dhuine. Chuile Gharda, nó a bhfuil fágtha den fhórsa úd tar éis sceanairt na gciorruithe, amuigh ansin sa tóir ar sceimhlitheoirí. Agus banlámh ag gadaithe, dá réir. Agus bíodh an fheamainn ag saoránaigh na córa.

Ar robáil siad an t-artola? fiafraíonn An Citroen.

Robáladar chuile short, a dhuine: artola, bia, deoch, gach a rabhthas in ann lámh a leagan air. 

Tomás Mac Síomóin, sliocht as an úrscéal An bhfuil Stacey ag iompar? (2011)