Tomás de Bhaldraithe

Tomás de Bhaldraithe

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath

Ollamh le Nua-Ghaeilge, 1960–78 agus Ollamh le Canúineolaíocht na Gaeilge, 1978–86 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ba ea é. Ina eagarthóir ar English-Irish Dictionary (1959); ina phríomh-eagarthóir ar Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge Acadamh Ríoga na Éireann 1976-1994; ina eagarthóir ginearálta ar na seacht n-imleabhar sa tsraith Deascán foclóireachta 1981–89 (ARÉ); ina eagarthóir comhairleach ar Foclóir Gaeilge-Béarla, 1959–77. Chuir sé eagar freisin ar: Nuascéalaíocht 1940–1950 (1952); Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire (1956) agus Cín lae Amhlaoibh (1970) i measc saothair eile.

Tomás de Bhaldraithe was professor of Modern-Irish (1960–78) and professor of Irish dialectology (1978–86) in University College Dublin. He worked as editor of English-Irish Dictionary (1959); as chief-editor of Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge … Royal Irish Academy (1976–1994); as editor of the seven voloumes in the Deascán foclóireachta 1981-89 (ARÉ) series. He was employed as advisory/ consultant editor of Foclóir Gaeilge-Béarla, 1959–77. Others works where de Bhaldraithe worked as editor include: Nuascéalaíocht 1940–1950 (1952); Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire (1956) and Cín lae Amhlaoibh (1970) amongst various other works.

Dáta breithe: 14 Nollaig 1916

Áit bhreithe: Baile na Cora, Co. Luimnigh

Dáta báis: 24 Aibreán 1996

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Má tá lorg a phearsantachta féin ar an gcéad fhoclóir, is mó go mór atá sin ar an dara ceann. Bhí a fhios aige anois go raibh áirithe thar barr leis an gcéad eagrán agus gur air féin a bhí Cumann na Sgríbheann Gaedhilge ag brath feasta. Ba mhó a mhisneach is a neamhspleáchas dá réir. Bhí freisin, ar ndóigh, forleathnú tagtha ar a chuid eolais ar an teanga, agus ba mhó a mhuinín as an teanga a chuala sé ina óige. Faoin am ar thosaigh sé ar an obair athuair, sa bhliain 1917, bhí sé ag tarraingt ar na tríscór — agus stóinsiú tagtha ar na tréithe leithleasacha a bhí ann ó dhúchas.

Ba duine ann féin riamh é, nach ligfeadh a intinn le daoine. Níor mhiste a mheabhrú, an té a scaradh le hord sagart an uair sin, go scaradh cuid mhór den phobal leis. Níl a fhios agam cén spéis dháiríre a bhí riamh aige san iarracht ar an nGaeilge a choinneáil beo nó a leathnú ar fud na tíre. I seansaol na Gaeltachta, i stair na muintire a bhí a spéis, agus i réamhrá an fhoclóra mhóir tugann sé leide dúinn ar a intinn.

As 'An Duinníneach, Foclóirí', léacht ag Scoil Geimhridh Merriman 1981. Foilsithe mar 'Aisling An Duinnínigh', in Comhar, Iml. 42, Uimh. 4 (Aibreán 1983), lgh 16–25.